Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 November 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá leithscéal faighte againn ón Seanadóir Rónán Mullen. Tá an rúnaíocht tar éis dréacht-mhiontuairiscí ónár gcruinnithe, an 14 agus an 21 Deireadh Fómhair 2020, a scaipeadh orainn. Ba mhaith liom a chur in iúl don chruinniú gur iarradh ar an gcléireach i ndiaidh an chruinnithe dheiridh a chur in iúl don Coiste um Achainíocha ón bPobal go ndearna an comhchoiste seo a bhreithniú ar an dá thuarascáil ón gCoimisinéir Teanga, an Tuarascáil Bhliantúil 2019 agus Tuarascáil Faireacháin an Choimisinéara Teanga 2019, ag ár gcruinniú ar an 21 Deireadh Fómhair 2020. Chuir an cléireach an cinneadh fírice in iúl don Choimisinéir Teanga freisin. Ni bheidh gá ag an gcomhchoiste sin anois a athbhreithniú a dhéanamh ar na tuarascálacha sin mar tá sé déanta againn. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Molaim go nglacfar leis na miontuairiscí sin. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

Tá comhfhreagras faighte ag an gcomhchoiste. Dáileadh na míreanna comhfhreagrais F034 go dtí F037 a bhfuil baint acu leis an gcruinniú seo do na comhaltaí roimh an gcruinniú. Maidir leis na míreanna comhfhreagrais F034 agus F036, ba mhaith liom a nótáil go bhfuil Conradh na Gaeilge os ár gcomhair inniu agus go nglaofaidh mé an t-ábhar inniu a luaigh an Comhchoiste um na Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht ina chomhfhreagras dar dáta 21 Deireadh Fómhair dúinn. Molaim go gcuirfidh an comhchoiste sin ar an eolas faoin gcinneadh sin. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

Maidir le comhfhreagras F036, is mian liom é sin a phlé nuair a thiocfaimid go dtí Uimh. 4 ar an gclár oibre, is é sin an nóta mar gheall ar Liam Mac Cóil. Ar mhian le haon duine tagairt a dhéanamh do cheachtar den dá mhír comhfhreagrais eile a luadh? Níor mhian. Aontaítear leis sin.

Is é an chéad rud eile ná gur féidir gur fiú dom déileáil anseo leis an nóta ríomhphoist a fuaireamar ón gComhchoiste um na Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht. Is é an rud atá ag tarlú ná nuair a fhaigheann an comhchoiste sin aon chomhfhreagras a phléann le ceisteanna Gaeilge nó Gaeltachta, cuireann sé é chuig an comhchoiste seo. Má aontaíonn an cruinniú seo, rachaidh mé chun labhairt le Cathaoirleach an chomhchoiste sin, an Teachta Niamh Smyth, féachaint an féidir linn labhairt leis an gCeann Comhairle chun na téarmaí tagartha a athrú ionas go rachaidh gach rud anseo seachas go dtí an coiste eile agus nach mbeadh an fhadhb a bhí againn maidir leis an reachtaíocht chomh maith. Mar gheall ar an reachtaíocht, bhí mé ag labhairt leis an Aire Stáit díreach sular thosaigh an cruinniú seo agus tá seisean den tuairim agus ag tacú leis go mbeidh sé os comhair an chomhchoiste seo. Tá sé chun labhairt linn féachaint an féidir linn tús a chur leis ag deireadh na míosa seo nó ag tús na míosa seo chugainn. An aontaíonn na comhaltaí liom dul agus é sin a dhéanamh? Aontaítear. Go raibh maith agaibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.