Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 October 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Cúraimí an Choimisinéir Teanga agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019: An Coimisinéir Teanga

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcoiste as an gcuireadh teacht ina láthair. Is ábhar misnigh dom gur bunaíodh an coiste seo chun úsáid na Gaeilge mar theanga choiteann i ngach gné de shaol na hÉireann a chur chun cinn.

Nuair atá an oiread airde á tabhairt ar thosaíochtaí móra, ar nós Covid-19 agus an Bhreatimeachta, d’fhéadfadh ceisteanna tábhachtacha eile imeacht as radharc. Is ceist díobh sin inmharthanacht na teanga náisiúnta mar theanga bheo.

Tá sé tráthúil mar sin go bhfuil an óráid seo á tabhairt agam agus leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 faoi chaibidil ag Tithe an Oireachtais. Tá géarghá leis na leasuithe sin lena chinntiú go mbeidh freastal níos fearr á dhéanamh ag an Stát ar phobal labhartha na Gaeilge, ina rogha teanga, sa Ghaeltacht agus go náisiúnta. Chun léiriú a thabhairt ar an ngá atá leis an leasú, ba mhaith liom sliocht as litir ó dhuine a rinne gearán linn anuraidh a chur faoi bhráid an choiste. Seo gearán nach raibh ar ár gcumas a fhiosrú toisc nár tháinig an t-ábhar faoi dhlínse mo chuid feidhmeanna. Tháinig an gearán isteach roimh fhoilsiú an Bhille agus cuid de na leasuithe atá molta. Is freagra an gearán seo a leanas ar litir uaimse:

Léiríonn a bhfuil sa litir agat, dar liom, cé chomh lag is atá Acht na dTeangacha mar uirlis chun cearta phobal na Gaeilge agus cearta an tsaoránaigh aonair le Gaeilge a chosaint... Cén t-ord luachála a chuireann lucht dréachtaithe Achta i bhfeidhm chomh fada is a bhaineann le Gaeilge? Mar shampla: an gcuirtear éascaíocht oibre na Státseirbhíse mar atá i láthair na huaire chun tosaigh ar feabhas a chur ar chumas na Státseirbhíse céanna oibriú trí Ghaeilge? An gcuirtear costas earcaíochta chun tosaigh ar inmhianaitheacht seirbhíse trí Ghaeilge? An gcuirtear éileamh poiblí chun tosaigh ar chearta absalóideacha teanga? An gcuirtear an status quo chun tosaigh ar nuálaíocht?

Tá cead tugtha ag scríbhneoir na litreach seo í a chur faoi bhráid an choiste ina hiomláine agus más mian le comhaltaí, is féidir liom í a chur ar aghaidh chuig an gcléireach.

Is léir go bhfuil cumas an Stáit seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil ar bhonn sásúil ag brath ar líon leordhóthanach foirne le Gaeilge a bheith ann chuige sin. Fáiltím, mar sin, roimh an sprioc inmholta sa Bhille leasaithe go mbeadh dualgas reachtúil ann le cinntiú gur cainteoirí Gaeilge iad 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí. Tá sé tábhachtach, áfach, go mbeadh muinín ag an bpobal go gcloífear leis an sprioc sin taobh istigh den tréimhse fhada ama, deich mbliana, atá curtha ar fáil chuige sin agus go dtabharfaí barántas nach gcuirfí an sprioc sin siar arís agus arís eile.

Is cinnte go mbeidh sé dúshlánach sprioc ghinearálta 20% a bhaint amach in earnálacha áirithe. Caithfear tabhairt faoin obair ar bhealach eagraithe, pleanáilte. Dírítear sa Bhille ar choiste comhairleach a bhunú chun plean a ullmhú do sholáthar na seirbhísí poiblí. Tá an coiste comhairleach le bheith comhdhéanta, den chuid is mó, d’ionadaithe ón earnáil phoiblí. Arís, le muinín an phobail a chothú, ba chóir comhdhéanamh níos leithne a bheith ar an gcoiste sin. Níos tábhachtaí fós, ní deirtear sa Bhille leasaithe cé a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm an phlean do sholáthar seirbhísí Stáit a bheidh le hullmhú ag an gcoiste comhairleach. Gan a leithéid a bheith ann, d'fhéadfadh éiginnteacht mhór a bheith ann amach anseo faoi cé air a dtiteann an fhreagracht go gcuirtear an plean i bhfeidhm.

Maidir leis an bplean féin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí freastal inti ar riachtanais phobal na Gaeltachta. Tá molta agam go rialta foráil a chur sa Bhille le cinntiú gur oifigigh Stáit le Gaeilge a bheidh lonnaithe sa nGaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sna ceantair shainiúla aitheanta sin. D’fhéadfaí, mar shampla, sainriachtanais phobal na Gaeltachta a thabhairt san áireamh sna caighdeáin teanga a leagfar amach faoi scáth an phlean.

Fáiltím roimh an bhfeidhm bhreise do m'oifig atá leagtha síos sa Bhille nua, is é sin gur féidir faireachán a dhéanamh ar fhorálacha in achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó le stádas teanga oifigiúil. Tá os cionn 100 dlíthe ann a d'fhéadfadh teacht faoi scóip obair faireacháin na hoifige de thoradh na leasaithe seo, ina measc an tAcht Craolacháin, 2009; an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961; agus an tAcht Oideachais, 1998, gan ach cúpla ceann a lua. Roimhe seo is i bhfoirm imscrúdú amháin a d'fhéadfainn aghaidh a thabhairt ar aon sárú féideartha.

Tá iarracht déanta sa Bhille nua dul i ngleic leis na fadhbanna aitheanta ó thaobh reachtaíocht teanga de. Táimid tagtha chomh fada, agus ag fanacht chomh fada, ba thrua go mór gan cur leis an méid atá geallta. Teastaíonn níos mó cinnteachta a chur faoin sprioc cainteoirí Gaeilge a earcú: foráil a chuirfidh seanriachtanais phobal na Gaeltachta san áireamh; breis ionchuimsitheachta a chinntiú i gcás an choiste chomhairligh; agus an fhreagracht a shoiléiriú ó thaobh chur i bhfeidhm an phlean.

Tugadh cuireadh dom anseo chomh maith chun phríomhthorthaí mo thuarascála bliantúla agus mo thuarascála faireacháin, 2019 a chur i láthair don choiste. Tá cur síos sa tuarascáil bhliantúil ar na himscrúduithe a cuireadh i gcrích le linn na bliana 2019. Bhain an ceann is suntasaí díobh sin le Comhairle Contae Chiarraí. Ba é seo an chéad uair a tionscnaíodh imscrúdú faoi fhoráil de chuid an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000. Leagtar síos san Acht sin nach mór d'údaráis phleanála a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram cuspóirí a áireamh ina bplean forbartha contae a bhaineann le cosaint oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta. Léiríodh san imscrúdú gur sháraigh Comhairle Contae Chiarraí an reachtaíocht sin nuair nár chuir sí i bhfeidhm coinníoll teanga a cheangail An Bord Pleanála de chead pleanála a deonaíodh d'fhorbairt tithíochta i mBaile an Fheirtéaraigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Is den riachtanas é go gcuirtear i bhfeidhm mar is ceart an fhoráil reachtúil seo mar gheall ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar inmharthanacht na teanga má thagann ardú ar líon na ndaoine nach cainteoirí Gaeilge iad sna pobail ina bhfuil an Ghaeilge i réim iontu go fóill.

Mhol mé go n-ullmhódh agus go mbunódh an chomhairle contae nósanna imeachta a bheidh le leanúint in aon chás ina gceanglófar coinníoll teanga de chead pleanála le haghaidh forbairt tithíochta sa Ghaeltacht. Mhol mé chomh maith go gcuirfeadh Comhairle Contae Chiarraí m'oifig ar an eolas maidir le haon chead pleanála a dheonófar i nGaeltacht Chiarraí go ceann cúig bliana i dtaca le hiarratais mhóra phleanála. Tá an faireachán atá á dhéanamh ag m'oifig ar chur i bhfeidhm mholtaí an imscrúdaithe leanúnach, agus tá mé sásta leis an gcomhoibriú atá faighte ag m'oifig ó Chomhairle Contae Chiarraí.

Is feidhm eile de mo chuid, mar Choimisinéir Teanga, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Chomh fada siar le 1925, dúradh i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, chun an dochar a dhéantar do stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht ag feidhmeannaigh Stáit gan Ghaeilge a thuiscint, nár ghá ach stáisiún de chuid An Gharda Síochána a shamhlú lán de chomhaltaí gan Ghaeilge i lár ceantar Gaeltachta.

Tá cuntas i dtuarascáil 2019 ar an bhfaireacháin a rinneadh ar chur i bhfeidhm moltaí a bhí déanta in imscrúdú a rinne mo réamhtheachtaí, Seán Ó Cuirreáin, in 2011 inar léiríodh gur sháraigh An Garda Síochána foráil de chuid Acht an Gharda Síochána, 2005. Bhain an fhoráil sin lena chinntiú, an oiread agus is féidir, gur comhaltaí den Gharda Síochána atá inniúil sa Ghaeilge a bheidh ar stáisiún i ndúiche ina bhfuil limistéar Gaeltachta. Rinneadh moltaí san imscrúdú sin a raibh d'aidhm acu a chinntiú gur gardaí atá inniúil sa Ghaeilge a bheadh ar dualgas sna stáisiúin sa Ghaeltacht. In ainneoin teagmhálacha leanúnacha m'oifige, níos mó ar an ábhar seo ná le haon chomhlacht poiblí eile maidir le cur i bhfeidhm moltaí imscrúdaithe riamh, níor cuireadh i bhfeidhm mar is ceart moltaí an imscrúdaithe sin. De réir na faisnéise a cuireadh ar fáil anuraidh, ní raibh inniúlacht sa Ghaeilge ach ag tuairim agus trian de chomhaltaí An Gharda Síochána atá ar stáisiún sa Ghaeltacht. I gcás ina measaim nár cuireadh moltaí imscrúdaithe i bhfeidhm go cuí laistigh d'achar réasúnta ama, is féidir liom tuarascáil ar an ábhar a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Tá chuile chosúlacht ar an scéal ag an tráth seo gurb é sin an t-aon rogha a bheidh os mo chomhair amach maidir leis an ábhar seo.

Tá an tír seo, fearacht an chuid eile den domhan, i ngreim ag géarchéim de bharr phaindéim Covid-19. Tá seirbhísí Stáit ag tabhairt a n-aghaidhe ar dhúshláin mhóra san am i láthair agus soláthar á dhéanamh do riachtanais agus leas an phobail. Is i gcúinsí den chineál seo a fhaighimid léargas éigin ar a dhaingne agus atá reachtaíocht atá dírithe ar chearta, ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, fréamhaithe i gcórais riaracháin an Stáit.

Ó thaobh na gearáin a d’fhiosraigh m'oifig, a bhain bealach amháin nó bealach eile leis an bpaindéim, feictear dom téama coitianta i gcuid de na freagraí a tugadh: go mb'éigean gníomhú go práinneach agus, i gcúinsí fíor-eisceachtúla na géarchéime sláinte, cinneadh an dualgas reachtúil teanga a chur i leataobh, é a chur ar atráth, nó níor tugadh aird ar an dualgas sin toisc go gcuirfeadh sé moill ar an ngníomh a chur i gcrích. Dá nglacfaí leis nach raibh dlite ar chomhlachtaí poiblí na seirbhísí seo a chur ar fáil go dátheangach ar an údar nárbh acmhainn dó sin a dhéanamh gan moill a chur leo, d’fhéadfaí a fhorléiriú as sin nuair ba thábhachtaí agus ba phráinne an tseirbhís nó an chumarsáid, gur lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í.

Fillfidh mé ar an bpríomhchúis go bhfuilim i láthair anseo inniu, sé sin chun labhairt faoin leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, is cinnte go mbeidh go leor cainte idir seo agus achtú an Bhille faoi céard atá indéanta agus céard nach bhfuil. Ba chóir, ag chuile staid den phróiseas seo, go bhféachfaí i gconai le freastal ar riachtanais phobal na teanga agus a gcearta, ag cur san áireamh stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus mar cheadtheanga oifigiúil na tire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.