Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 October 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ligfidh mé don Teachta Calleary agus don Seanadóir Kyne teacht isteach lena boxing gloves orthu más gá. Tá an Teachta Connolly tar éis teacht isteach. Mar eolas di, táimid ag cur ceist an Leas-Chathaoirleachta siar go dtí an chéad chruinniú eile.

Chuir mé Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 ar an gclár chun na comhaltaí a chur ar an eolas faoi roinnt nithe. Tá an Rialtas tar éis Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 a chur ar aghaidh chuig an gRoghchoiste um na Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht i gcomhair Céim an Choiste. D'ainneoin cinneadh Phríomh-Aoire an Rialtais, an Teachta Chambers, tá cead á lorg agam ón choiste seo iarraidh ar an bPríomh-Aoire an t-ordú sin a chur ar ceal agus ordú nua a eisiúint chun an Bille a chur ar aghaidh chuig an gcoiste seo. Déanfaimid é sin i scríbhinn. Seolfar an t-iarratas chuig Coiste Gnó na Dála.

Tá liosta fáthanna iniata sa chomhfhreagras. Is é seo an comhchoiste a rinne grinnscrúdú réamhreachtach ar Bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) 2017. Tagann Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 faoi réim an choiste seo. Is é seo an t-aon chomhchoiste i dTithe an Oireachtais ina bhfuil an saineolas iomlán is gá chun an Bille seo, ná aon Bhille a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta nó Gaeilge, a láimhseáil toisc gurb é Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an t-aon chomhchoiste ar a bhfuil na comhaltaí go léir, seachas comhalta amháin, ina gcainteoirí líofa sa dá theanga oifigiúil de chuid an Stáit. Tá stádas ar leith ag baint leis an gcomhchoiste seo maidir leis an nGaeilge agus gach a mbaineann leis. Ag an gcruinniú an mhí seo caite, comhaontaigh an Coiste um Buan-Orduithe agus Athleasú na Dála tuarascáil maidir le horduithe tagartha an choiste. Luaitear sa tuarascáil sin go bhfuil sé mar chumhacht shonrach choiste na Gaeilge chun déileáil le reachtaíocht. Moltar an chumhacht sin a choinneáil chun an coiste a éascú agus grinnscrúdú réamhreachtach a dhéanamh agus Céim an Choiste do Bhillí a bhreithniú aige. Bhí sé i gceist i gcónaí go gcuirfí an Bille seo chugainn. An aontaítear leis an litir a scríobh chomh luath agus is féidir ionas gur féidir leis an mBille teacht os ár gcomhair chomh luath agus is féidir? Aontaítear.

Maidir le clár oibre 2020, ní bhfuair mé aon mholtaí go fóill. Mar sin, molaim go gcuirfí siar ár machnamh ar cheist an chlár oibre go dtí an chéad chruinniú eile. Beidh cruinniú gnóthach againn an chéad uair eile. Má tá tuairimí ag comhaltaí maidir leis na cruinnithe roimh Nollaig nó san athbhliain nó maidir le tionscadail le tabhairt orainn féin, beidh orainn ullmhú. Mar sin, impím ar chomhaltaí ríomhphost a chur chuig an gcléireach chun go mbeidh muid in ann ullmhú. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Níl aon chruinnithe eile réitithe againn seachas an chéad cheann eile. Is gá dúinn foláireamh dhá sheachtain a thabhairt d'aon ghrúpa atá ag teacht os ár gcomhair.

Caithfimid cuireadh a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta teacht os ár gcomhair ag ár gcruinniú ar an 11 Samhain. Is é an t-ábhar a bheidh i gceist ná cúraimí agus struchtúr Údarás na Gaeltachta agus a chúraimí maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 ach go háirithe. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Tabharfaimid cuireadh d'Fhoras na Gaeilge teacht os ár gcomhair ag ár gcruinniú an tseachtain ina dhiaidh sin, ar an 18 Samhain. Tabharfaidh sé seo deis dúinn roinnt cruinnithe eile a bheith againn. Is é an t-ábhar a bheidh i gceist ná seirbhísí dátheangacha éifeachtacha a sholáthar ag Ranna Stáit agus comhlachtaí poiblí. D'eisigh an Foras ráiteas mar gheall ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. B'fhéidir go mbeidh muid in ann é sin a phlé leis an bhForas ag an am chomh maith. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Tugann sé sin deis dúinn. Tá suas go dtí an 18 Samhain eagraithe againn. Beidh roinnt cruinnithe eile idir sin agus an Nollaig. Is iad na cruinnithe eile sin na cinn a gcaithfidh comhaltaí díriú isteach orthu.

Toisc go bhfuil grúpa pobail i gceist, b'fhéidir gur féidir linn díriú isteach ar an 25 Samhain. Molaim go dtabharfaimid cuireadh do Chomhlachas na gComharchumann agus na gComhlachtaí Pobalbhunaithe teacht os ár gcomhair. Tá a fhios agam gur cheist mhór é sin do roinnt Teachtaí. An dtabharfaimid cuireadh dó teacht os ár gcomhair ar an 25 Samhain? Tabharfaidh. Tá ceithre chruinniú anois eagraithe againn, an ceann le Conradh na Gaeilge i gceann coicíse san áireamh. Dá ndéanfaimis an méid sin ar fad, bheadh obair mhaith déanta againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.