Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 18 June 2020

Special Committee on Covid-19 Response

State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Pléifidh mé na ceisteanna faoi uisce ó thaobh na beithígh de. Bhí mé i dteagmháil le oifig an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara agus d'iarr mé air comhairleoirí teagasc a chur amach ar na hoileáin chun breathnú orthu agus chun teacht ar ais lena gcuid tuairimí.

Níl ról díreach ag an Roinn maidir le seirbhísí uisce. Is le Uisce Éireann, agus roimhe sin le Comhairle Contae na Gaillimhe i gcás Árainn, atá an ról sin. Táimid ag ullmhú an polasaí, mar is eol don Teachta, agus beidh sé sin ag teacht chun cinn. Tá a fhios agam go ndearna Uisce Éireann obair ar Chléire i gContae Chorcaí. Chaith sé a lán airgead le déanaí ansin. Nuair a raibh mise i mo chomhairleoir chontae ar Chomhairle Contae na Gaillimhe, phléamar na cúrsaí seo agus an easpa ionaid chóireála ansin. Bhí mé i gcónaí i dteagmháil leis na comharchumainn ansin agus le déanaí bhí mé i dteagmháil leis na trí comharchumainn agus le cuid de na feirmeoirí féin freisin maidir leis na fadhbanna a bhí ann ag na feirmeoirí.

In Inis Oírr, tá an fhorbairt ar an liosta de thograí atá le forbairt faoi Thionscadal Éireann 2040. Bíonn cruinniú go minic againn le comhairleoirí ón gcomhairle contae. Tá siad ag brú ar aghaidh maidir leis an gcás gnó agus tá caidreamh eadrainn féin agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is rud fíorthábhachtach é sin ó thaobh an public spending code go mbeimid ag déanamh gach rud i gceart agus ag dul sa treo ceart maidir leis an togra tábhachtach seo. Tá sé ag barr an liosta ag chuile dhuine in Inis Oírr agus ag barr mo liosta féin ó thaobh tograí caipitil. Táim dóchasach mar gheall ar an obair ata déanta agam maidir leis an gcás gnó agus go mbeimid in ann tairiscintí a lorg i mbliana. Tá tábhacht ag baint leis an togra seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.