Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 18 June 2020

Special Committee on Covid-19 Response

State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Tá an Teachta ceart go bhfuil daoine óga trasna na tíre, ach sa Ghaeltacht sa chás seo, dífhostaithe mar gheall ar an ngéarchéim. Tá cuid acu ag fáil na híocaíochta Covid ón Stát, agus tá cuid acu a bhí ag obair ag fáil an wage subsidy scheme freisin. Tá na híocaíochtaí sin ar fáil sa Ghaeltacht mar aon le haon áit eile sa tír mar gheall ar na cinntí a rinne muid sa Rialtas, le tacaíocht ón Oireachtas.

Ó thaobh aon rud eile a bheimid in ann a dhéanamh, tá a fhios ag an Teachta go bhfuil turasóireacht fíorthábhachtach do dhaoine óga. Beidh cuid acu ag freastal ar an ollscoil i rith an gheimhridh agus an fómhar, agus bheidís ag obair de ghnáth in óstáin, pubanna, cafés agus chuile áit sna Gaeltachtaí nó i gcathair na Gaillimhe. Táimid ag breathnú ar na seirbhísí sin a athoscailt so tá súil agam go mbeidh cuid de na daoine óga in ann poist a fháil arís don samhradh, i mí Iúil agus mí Lúnasa.

Beidh cinneadh á dhéanamh ag an Rialtas go luath ó thaobh phase 3.

Tá mo chomhghleacaí, an tAire Stáit, an Teachta Breandán Ó Grifín, atá freagrach as cúrsaí spóirt agus atá ag freastal sa Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, in éineacht leis an Aire sinsearach, Shane Ross, tar éis task force nó grúpa speisialta ó thaobh turasóireachta de a chur le chéile. Tá feidhmeannaí ar an task force sin ó gach uile áit sa tír. Tá a fhios agam go bhfuil siad ag breathnú ar an earnáil tábhachtach sin do na h-oileáin, an iarthar agus don tír uile agus go mbeidh siad at teacht suas le smaointí.

Freisin, cé nach bhfuil clár Rialtais nua aontaithe, tá caint ann faoi July stimulus nó rud éigin mar sin. Sílim, más rud é go bhfuil Rialtas nua ann, go mbeidh deiseanna ansin agus airgead ar fáil d'earnáil ar nós turasóireacht atá fíor-thábhachtach agus ina noibríonn a lán daoine - daoine óga agus daoine eile - go lán-aimseartha agus go páirt-aimseartha. Tá súil agam go mbeidh teacht amach as an task force sin go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.