Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 18 June 2020

Special Committee on Covid-19 Response

State's Response to Impact of Covid-19 on Gaeltacht Areas and the Islands

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Bhí an ceart ag an Teachta sa mhéid a bhí le rá aige faoin teanga agus faoin gcoimisinéir. Is é sin an fáth go bhfuil Bille na Gaeltachta níos láidre foilsithe agam agus ag an Rialtas. Is faoin chéad Rialtas eile a bheidh sé brú ar aghaidh leis an mBille sin agus é a chur tríd an Oireachtas. Nuair a bheidh an Bille á phlé, beidh deis ann athruithe a dhéanamh a bhaineann le caighdeán Gaeilge na heagraíochtaí Stáit a bhíonn ag déileáil le muintir na Gaeltachta chuile lá.

Tá an ceart ag an Teachta go bhfuil pacáiste curtha ar fáil. Mar a dúirt mé leis na mná tí agus na coláistí samhraidh, tá sé fíorthábhachtach go gcinnteoimis go mbeidh an earnáil thábhachtach seo ar fáil agus i bhfeidhm an bhliain seo chugainn agus sna blianta eile amach romhainn. Is é sin an fáth go bhfuil an t-airgead sin curtha ar fáil againn.

Bhí ceist eile ag an Teachta maidir leis na hionaid phobail. Aithníonn an Roinn go bhfuil an tréimhse seo dúshlánach do phobal na Gaeltachta. Tá tionchar na géarchéime Covid-19 ag cur as do chúrsaí eacnamaíochta sa Ghaeltacht. Mar is eol don Teachta mar iar-Aire, cabhraíonn an Roinn le forbairt áiseanna pobail agus teanga sa Ghaeltacht tríd an chlár caipitil. Níl aon scéim ag an Roinn chun cabhrú le riaradh na hionaid phobail. Sílim go bhfuil an brú céanna ar chuile phobal trasna na tíre de thoradh na géarchéime - is í sin an fhadhb. Níl an Cumann Lúthchleas Gael ag íoc as úsáid na hionaid phobail faoi láthair. Níl rudaí ar nós biongó ag dul ar aghaidh. Tá imeachtaí na ngrúpaí ar fad a úsáideann na háiseanna seo de ghnáth curtha ar ceal. Rinne an Roinn cinneadh chun réamhíocaíochtaí na scéimeanna seo a chur ar fáil ionas nach mbeadh daoine as póca go pearsanta agus go mbeadh airgead ag teacht isteach go seachtainiúil. Tá rudaí tábhachtacha eile, ar nós an íocaíocht dífhostaíochta phaindéim Covid-19 agus an scéim fóirdheontais shealadaigh pá, déanta ag an Rialtas freisin. Tá an scéal céanna trasna na tíre ó thaobh grúpaí deonacha agus grúpaí pobail. Tá a lán déanta ag an Rialtas. Tá thart ar €40 milliún ón dormant accounts fund ar fáil faoi scéim atá curtha ar aghaidh ag an Aire, an Teachta Ring. Mar fhreagra dhíreach ar an gceist atá curtha ag an Teachta, níl aon airgead curtha ar fáil go díreach le haghaidh na hionaid phobail.

Táimid ag breathnú ar chás na mná tí ar na hoileáin. Táimid dóchasach go mbeimid in ann rud éigin a dhéanamh dóibh. Bhí ról ag an Teachta nuair a cuireadh an scéim thábhachtach seo, atá an-mhaith, i bhfeidhm. Tá ciall leis do na hoileáin agus dóibh siúd a fhreastalaíonn ar na cúrsaí. Táimid ag breathnú ar an scéim sin agus táimid dóchasach go mbeimid in ann cúpla punt a chur isteach ann.

Tá €200,000 curtha ar fáil ag an Roinn díreach chuig Údarás na Gaeltachta ó thaobh an scéim ar-líne. Tháinig breis airgead ón Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil agus tá an scéim sin fógartha.

Mar fhreagra ar an Teachta Ó Snodaigh, táimid ag obair agus tá caidreamh idir an tÚdarás agus an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta maidir le cúrsaí airgid.

Ó thaobh na nOileán, tá sé seo an-deacair. Tá gnóthaí ag iarraidh oscailt go luath agus tá a lán daoine eile ag iarraidh na hoileáin a fhágáil dúnta mar atá. Cuid acu, tá siad sásta na hoileáin a fhágáil dúnta go dtí 2021. Bhí pobalbhreith ar Inis Oírr, agus bhí 92% in aghaidh athoscailt na noileán.

Tá NPHET ag casadh le chéile inniu agus beidh moltaí ag dul ar aghaidh chuig an chruinniú Rialtais ar maidin. Beidh mé ann ag an gcruinniú sin agus pléimid na moltaí sin

It is a difficult one to sort out because some people are quite wary of reopening the islands at all. From the conversations I have had, both speaking to people from a number of the islands and in email communication, they believe they have been protected since the crisis began. There has been limited interaction with other people and, therefore, the threat has been reduced. One can understand, particularly where there might be an elderly or vulnerable population, the concerns that islanders have. Many of them were quite happy with the August reopening. They were used to it and when NPHET removed phase 5, there was no mention of the islands in terms of changes to phase 2 and their-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.