Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 December 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá díomá ormsa freisin. Is mór an trua mar bhí mé anseo nuair a tháinig an chéad Bhille os comhair na Dála tamall fada ó shin. Ag an am sin bhí fadhbanna leis an Acht atá ann anois. Bhíomar ag tnúth go mbeadh an Bille nua ag déileáil leo siúd a d'aithníomar agus a chonaiceamar ó shin agus leis na poill a bhí sa chéad Acht sin agus a d'eascair as. Bhíomar ag tnúth chomh maith go ndéileálfaí leis an ngéarchéim atá tagtha chun cinn. Níl an Bille ag déanamh an méid sin. Tá sé deacair dom mar táim trína chéile an cóir dom cur ina choinne nó glacadh leis. Ar an gcéad dul síos glacaim le haon rud atá in ainm is a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn, agus tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit agus na státseirbhísigh sásta glacadh le moltaí a gcuirfeadh an Ghaeilge chun cinn, go háirithe leo siúd a d'aithin an coiste nó a leag sé amach roimhe seo. Níl mé á dhéanamh sin chun a bheith diúltach nó chun breis ualaigh a chur ar an Státseirbhís ach toisc go bhfuilimid ag iarraidh an Ghaeilge a chosaint, go mbeadh fás ar an nGaeilge sa chóras Stáit, agus go mbeadh cosaint acu siúd atá ina gcónaí sa Ghaeltacht agus ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Níl an méid sin déanta sa mhéid den Bhille atá léite agam nó sna leasuithe atá feicthe agam cheana féin go dtí seo. Níl an tslí ina gcaitheann an Bille leis an gcuid is mó de na heagrais Ghaeilge fhoirfe. Tá súil agam go bhfuil athrú ag teacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.