Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 December 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Más féidir caint faoi Lariam as Gaeilge, is féidir, ach níl an fhoclaíocht agam ón bhfoclóir i gceart agus definitely níl an fhoclaíocht ag an Aire Stáit. Sin ceann de na ceisteanna. Ní maith leis an bpobal déileáil leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ar aon chaoi mar de ghnáth bíonn duine i dtrioblóid má tá sé nó sí ag déileáil léi, nó bíonn gaol nó a leithéid i dtrioblóid. Bíonn sé deacair i nGaeilge nó i mBéarla agus toisc go bhfuil an dlí i gceist, bíonn cúrsaí beagáinín níos casta mar nach d'fhoghlaim muid conas scríobh i ngnáth-Bhéarla nó i ngnáth-Ghaeilge fós ó thaobh na cúirteanna nó ceisteanna dlíthiúla de. Sin ráite, chuir mé ceist ar na Ranna eile a bhí os ár gcomhair go dtí seo maidir leis an rud a tharlaíonn nuair atá duine ag cur ceist ar státseirbhísigh faoin nGaeilge. Bíonn drogall ar a lán acu a lua go bhfuil Gaeilge mhaith go leor acu agus go bhfuil Gaeilge líofa acu ar eagla go mbeidh siad curtha isteach sa pholl clóséidín mar Ghaeilgeoir.

Luadh sa ráiteas tosaigh a tugadh dúinn go bhfuil 43 ar phainéal agus go bhfuil 30 acu liostaithe go bhfuil post éigin acu. Sin céatadán an-bheag agus ní chreidim gur sin an méid Gaeilgeoirí atá sa Roinn. An dúshlán atá romhainn ná conas gur féidir linn ar a laghad an fhéinmhuinín a ardú sna Gaeilgeoirí atá Gaeilge acu agus atá cur amach acu ar an nGaeilge chun go mbeidís sásta seirbhísí atá siad ag tabhairt i mBéarla a thabhairt as Gaeilge. Má tá líon Gaeilgeoirí ann, uaireanta is foclóir atá i gceist, uaireanta is muinín é, agus uaireanta ní bhíonn an cleachtadh laethúil acu agus deir daoine go bhfuil siad beagáinín meirgeach agus nach raibh Gaeilge acu ó ar d'fhreastail siad ar Ghaelscoil, ar mheánscoil Ghaeilge, nó fiú ar an ollscoil trí Ghaeilge. Tá mé tar éis teacht ar dhaoine a ndeachaigh tríd an gcóras oideachas suas go dtí an tríú leibhéal go hiomlán as Gaeilge agus fós níl siad sásta Gaeilge a labhairt. Sin an dúshlán do gach uile cheann de na Ranna Stáit agus is féidir liom casadh ar an mBille agus ar an Acht freisin.

Bhí feachtais ann thar na blianta chun daoine a mhealladh chun Gaeilge a labhairt chun an fáinne a chaitheamh, mar shampla, agus ansin bhris sé sin síos roinnt den mhoill a bhíonn ar dhaoine labhairt as Gaeilge. Níl mé cinnte conas gur féidir é sin a dhéanamh. Nuair a bhí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á thógáil isteach ar an gcéad dul síos, dúradh linn go mbeadh scéim ag gach duine agus dá réir go mbeadh Gaeilge níos aitheanta i ngach uile Roinn agus go mbeadh na Gaeilgeoirí ar fad ag caint le chéile as Gaeilge, ach níor tharla sin. Ní tharlóidh sé sa Bhille nua atá os ár gcomhair ach an oiread. Tarlóidh rudaí eile agus tá súil agam go mbeidh dualgais sa bhreis de thairbhe ar an mBille ach ní gá i gcónaí gur trí dhualgas nó trí bhata a bhrúimid daoine chun soláthar a thabhairt dúinn.

Cad iad na rudaí breise ar féidir a dhéanamh? B'fhéidir nach bhfuil an freagra ag na finnéithe agus don chuid is mó níl sé agam agus ní raibh sé ag na Ranna eile. Cad gur féidir a dhéanamh go hinmheánach, ar bheagán costas go minic, chun an Ghaeilge a chur chun cinn? Má tá sí chun cinn, déantar é níos éasca do dhaoine sa Roinn iad a chur chun tosaigh chun glao gutháin trí Ghaeilge a fhreagairt mar shampla, agus is féidir leis na daoine sin na téarmaí teicniúla a sheiceáil sa chás sin. An fhadhb atá ann de ghnáth ná, má dhéantar iarracht dul i dteagmháil le Roinn Stáit trí Ghaeilge, gheofar an freagra nach bhfuil Gaeilge ag an duine a bhfuil ar an taobh eile den ghuthán agus iarrann sé nó sí ar an duine ag glaoch isteach to ring back when the Gaeilgeoir is here. Uaireanta, níl ach Gaeilgeoir amháin ann agus má tá an duine sin tinn, hard luck agus ní bheidh fáil ar sheirbhís trí Ghaeilge. Sin an bhuairt atá orm.

Sa lá atá inniu ann, ba chóir go mbeadh sé i bhfad Éireann níos éasca sa chéad dul síos aon seirbhís a fháil, ach go háirithe toisc ríomhairí go mbeadh foclóir ar fáil as Gaeilge agus go mbeadh gach uile dhuine atá ag freagairt fón in ann an beagán a rá ar a laghad. Ina dhiaidh sin, tagann an dualgas ó thaobh na seirbhíse a bheith ar fáil, ach nílimid ag fáil an bunleibhéal fiú. Níl siad ag déanamh comhrá bunúsach linn trí Ghaeilge fiú. Is minic a deir an duine a fhreagraíonn an fón nach bhfuil Gaeilge aige nó aici agus ansin iarrann sé nó sí ar an duine atá ag glaoch an cheist a chur arís i mBéarla.

Luadh an figiúr de 2% toisc gur phainéal de 43 atá i gceist. Deir sé sin go bhfuil breis agus 2,000 duine sa Roinn. Má thógtar an liosta de na feidhmeannaigh agus é sin ar fad a tugadh dúinn sna ceisteanna san áireamh, agus tá a fhios agam go bhfuil athruithe ag tarlú, níl ach 30 ansin. Sin 1.5% den fhoireann a bheadh obair acu seirbhís i nGaeilge a thabhairt. Tá sé sin scannalach i slí amháin. Má tá an Bille nua ag caint faoi 20% de na státseirbhísigh nua a bheith in ann Gaeilge a labhairt, agus níl sé ach ag caint faoi sin, agus is rud é a bheidh muid ag déileáil leis i gceann cúpla seachtain, feictear an jab mór a bheidh ag an Roinn dul ó 1.5% nó 2% go dtí 20%. Ní tharlóidh sé sin ach amháin má thagann athrú iomlán inmheánach, mar ní earcú atá i gceist. Ní tharlóidh an t-athrú sin nó beidh ar gach uile dhuine atá earcaithe ag an Roinn don chéad deich mbliana eile líofa i nGaeilge agus sásta seirbhísí Gaeilge a sholáthar i nGaeilge. Sin an difríocht. Déanfaimid déileáil leis seo nuair atá an Bille á phlé, ach tá jab mór millteach anseo. Bhí eagras laistigh den Státseirbhís ag cur an Ghaeilge chun cinn darbh ainm Gaeleagras agus cuireadh deireadh leis. B'fhéidir go bhfuil sé thar am againn féachaint ar sin an athuair chun cuidiú leis seo. B'fhéidir go bhfuil dream eile go bhfuil an ról sin aige nó b'fhéidir go bhfuil an ról sin ag Foras na Gaeilge. Má tá, níl ag éirí leo nó linn mar tá an dualgas orainn ar fad an t-ardleibhéal atá muidne ag tnúth leis a réiteach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.