Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 December 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

Mr. Micheál Ó Cearúil:

Más féidir liom cur leis an méid sin, rinneamar go leor nach bhfuil sa scéim sin agus nach raibh a fhios againn ag an am. Dhíríomar ar rud amháin go háirithe agus ba é sin na rialacha cúirte. Bhí riaráistí maidir le cásanna dlí agus is beag aghaidh a tugadh orthu sin. Tá an-saibhreas curtha ar fáil leis na rialacha sin. Nuair a bhíonn na rialacha cúirte á gcur ar fáil, ní hamhlaidh go bhfuilimid á n-aistriú as an nua. Táimid ag déanamh cuardach sna seanrialacha agus tá an t-ábhar sin á chur ar fáil anois as an nua don phobal. Táimid ag baint leasa as teanga a bhí ansin nach raibh ar fáil, mar shampla, ar an Idirlíon nó áit ar bith.

Táimid á cur é sin ar fáil. Is rud iontach é sin don teanga agus táimid á tabhairt é sin le chéile. Is tosaíocht an-mhór é sin. Tá na hollchnuasaigh sin go léir curtha amach againn anois. Beimid ag díriú ar rudaí eile chomh maith. Tá athbhreithniú nua tosaithe ar na téarmaí dlí againn. Táimid tosaithe freisin ar bhailiúchán de dheich n-ordú téarmaí dlíthiúla Gaeilge a rinneadh ag deireadh na 1940idí agus tús na 1950idí agus tá an Príomh-Bhreitheamh i gceannas ar an gcoiste atá ag breathnú orthu siúd. Níl aon radharc air sin sa scéim teanga.

Nílimid teoranta don scéim teanga. Táimid ag déanamh an oiread agus is féidir linn ar mhaithe leis an teanga. Beidh dualgais eile againn de bharr an Bhille seo agus glacfaimid leis sin agus díreoimid orthu sin chomh maith. Rinneamar beart an-mhór maidir leis na rialacha cúirte sin a mhairfidh. Chomhlíonamar na dualgais maidir le cáipéisí a chur amach go dátheangach agus na rudaí sin go léir.

Iarradh orainn cad is féidir a fhoghlaim ó na scéimeanna teanga. Tá dolúbthacht ann ó thaobh an dlí de. Bíonn na scéimeanna teanga an-daingean ar fad agus caithfear iad a chur i bhfeidhm ó thaobh an dlí de. Uaireanta, dá mbeifí ag gabháil agus ag díriú chomh mór ar rud eile go mb'fhéidir gur ceart a leithéid a chur san áireamh amach anseo nuair a bheidh athnuachan á dhéanamh ar scéimeanna teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.