Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle faoin dul chun cinn atá déanta ag Institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir le maolú na Gaeilge a laghdú de réir a chéile.

Ms Eimear Ní Bhroin:

Tá folúntais oscailte ar fáil do chonarthaí sealadacha faoi láthair. Má théann daoine go dtí epso.eu- an tseirbhís a fhostaíonn daoine do na hinstitiúidí ar fad - tá sé indéanta cur isteach inniu ar chomórtais oscailte d'aistritheoirí agus do phrofléitheoirí le Gaeilge. Más mian leo iarratais a chur isteach le haghaidh na bpost sin, ní mór dóibh na CVs agus gach rud mar sin a chur isteach. Tógann sé am agus caithfear a bheith foighneach. Caithfear na rudaí a léamh. Má chuireann siad an t-eolas cuí isteach sa bhunachar sin, tá na hinstitiúidí in ann daoine a bhaint den liosta, cuireadh a thabhairt dóibh teacht agus scrúdú nó agallamh a dhéanamh. Tá córais éagsúla ag na hinstitiúidí difriúla. Is féidir cur isteach ar an gcomórtas seo ag aon am. Tá sé ar oscailt. Níl dáta deiridh leis an gcomórtas áirithe seo. Is rud amháin é sin.

Molaimid do dhaoine atá ag féachaint air seo cur isteach ar na hintéirneachtaí. Tá siad ar fáil ní hamháin ag na hinstitiúidí - tá teangacha eile ag teastáil - ach tá an Rialtas ag maoiniú daoine le dul amach ar feadh deich mí ag obair sna hinstitiúidí éagsúla. Tá beirt againn sa Choimisiún faoi láthair. Is tréimhse mhaith é sin go bhfeicfidís cad atá ag tarlúint, go bhfaighidís an taithí aistriúcháin seo agus go dtuigfidís an cineál leibhéal atá i gceist leis na comórtais. Tá rudaí ar oscailt an t-am ar fad. Beidh comórtais eile ann. Tá na folúntais le líonadh. Is cinnte go bhfuil poist eile, agus gach cineál post. Tá aistritheoirí, ateangairí, profléitheoirí, dlítheangeolaithe, cúntóirí teanga, bainisteoirí agus poist éagsúla eile ag teastáil chun na rudaí seo ar fad a dhéanamh. Tá na hábhair ar fáil sa dá theanga ar shuíomh Idirlín na hionadaíochta anseo in Éirinn. Tá sé ar fáil chomh maith ar an suíomh lárnach, europa.eu. Tá an dá áit i gceist. Déanann muid iarracht an scéal a scaipeadh. Bhí seastán againn ag aonach an Oireachtais le daoine ó na hinstitiúidí éagsúla agus na leabhráin ar fad ar fáil againn. Cuireann muid rudaí amach go dtí na scoileanna agus na hollscoileanna. Bíonn mo chomhghleacaithe ó aonad an aistriúcháin agus ó na seirbhísí teanga eile amuigh in ollscoileanna ag míniú céard atá ar siúl acu agus conas mar a oibríonn na postanna. Tá roinnt mhaith againn ag iarraidh an teachtaireacht seo a mhíniú do dhaoine. Tá níos mó agus níos mó Gaeilge ag teacht chun cinn sna hinstitiúidí. Ceapaim go bhfuil sé le feiscint. Bíonn an-éileamh ag na scoileanna ar an stuif atá ar fáil againn as Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.