Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle faoin dul chun cinn atá déanta ag Institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir le maolú na Gaeilge a laghdú de réir a chéile.

Ms Eimear Ní Bhroin:

Is cúis áthais dom é a bheith anseo inniu thar ceann Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin chun an chéad tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach ar an dul chun cinn atá déanta ag na hinstitiúidí maidir le deireadh a chur le maolú na Gaeilge de réir a chéile a chur i láthair. Go raibh maith agat, a Chathaoirligh, as cuireadh a thabhairt dom chuig cruinniú an lae inniu.

Ar dtús báire, ba mhaith liom comhthéacs a thabhairt go hachomair ar an gcúis ar fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil agus ar an bpróiseas ar leith a bhfuil an tuarascáil féin mar chuid de. Faoi mar is eol do na baill, nuair a tháinig Éire isteach sna Comhphobail Eorpacha in 1973, níor iarr sí an Ghaeilge a bheith ar cheann de theangacha oifigiúla na n-institiúidí. Níor iarr sí ach na conarthaí a aistriú go Gaeilge agus an ceart a bheith ag saoránaigh cumarsáid i nGaeilge a dhéanamh le hinstitiúidí an Aontais. Ansin in 2005, d’iarr Éire an Ghaeilge a bheith ina teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh. Mhol sí maolú nó córas srianta chun nach gcuirfí ar fáil i nGaeilge ach rialacháin áirithe. Glacadh an maolú ar feadh cúig bliana agus tar éis athbhreithniú a dhéanamh air in 2010, cuireadh síneadh cúig bliana eile leis. I mí na Nollag 2015, ar iarraidh ó rialtas na hÉireann, chinn an Chomhairle deireadh a chur leis an maolú agus stádas iomlán a thabhairt don Ghaeilge de réir a chéile san Aontas Eorpach faoi 2022.

Is amhlaidh a chuir sin tús leis an bpróiseas chun cur leis an acmhainn Ghaeilge san Aontas agus is é is cúis leis an tuarascáil seo freisin. Is próiseas uathúil é an próiseas seo atá á chomhordú ag Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin ar an ábhar gurb í seo an chéad uair riamh dúinn córas nua teanga a chur ar bun do bhallstát ar ballstát é cheana féin. Is gnách leis an Aontas teangacha nua a thabhairt isteach agus a bheith ag cur leo mar chuid den phróiseas aontachais níos leithne, próiseas atá mar chuid den ullmhúchán a dhéanann tír sula dtéann sí isteach san Aontas Eorpach. Is éard atá le déanamh againn an uair seo ná freagairt d’iarraidh de chuid na hÉireann cur lena córas teanga atá ann cheana, i gcomhréir lena straitéis chun cur le húsáid na Gaeilge agus leis an eolas atá uirthi. Tá an cinneadh seo á chur chun feidhme go praiticiúil againn agus táimid ag iarraidh a chinntiú go bhfuil an obair atá ar siúl againn chun cur leis an acmhainn Ghaeilge i gcomhar leis an obair atá ar siúl ag Éirinn ina leith sin. Táimid leath bealaigh tríd an bpróiseas, nach mór, agus is go céimneach a táthar ag cur leis an méid aistriúcháin atá ar siúl, de réir incrimintí atá leagtha amach in iarscríbhinn Rialachán 2015/2264. I mí Iúil 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach tuarascáil ar an dul chun cinn a rinneadh idir mí Eanáir 2016 agus lár 2019. Thug an Chomhairle an tuarascáil dá haire. Tá mé anseo inniu chun príomhphointí na tuarascála agus cúrsaí mar a sheasann siad anois a chur i láthair.

Chuamar i muinín cur chuige a bhí bunaithe ar phróisis agus chuireamar grúpa comhpháirteach idir an tAontas Eorpach agus Éire ar bun, grúpa inar tugadh le chéile Rialtas na hÉireann agus na seirbhísí teanga de chuid institiúidí uile an Aontais Eorpaigh.

Thosaigh an grúpa faireacháin ar mhaolú na Gaeilge ag obair sa bhliain 2016. Leanfaidh sé leis nó go mbeidh stádas iomlán bainte amach. Is maith mar atá ag éirí leis an gcur chuige sin. Tá dul chun cinn déanta le chéile againn ar gach gné a bhaineann leis an acmhainn a mhéadú. Tá gréasán curtha ar bun againn chun tacú le fás na teanga: aistriúchán go Gaeilge, teangeolaithe a earcú, conraitheoirí seachtracha a úsáid agus cur leis na hacmhainní Gaeilge atá ar fáil. Luafaidh mé roinnt príomhéachtaí praiticiúla atá bainte amach go dtí seo i dtaca leis na gnéithe sin. Ó cuireadh an chéad dá incrimint i bhfeidhm in 2017 agus in 2018 maidir le hábhar a aistrítear go Gaeilge - na treoracha agus na cinntí - d'aistrigh na hinstitiúidí níos mó ná a dhá oiread go Gaeilge idir 2016 agus lár 2019. Ní reachtaíocht amháin a chumhdaítear leis sin, ach ábhar le haghaidh an ghréasáin agus ábhar polaitíochta, cumarsáide, comhairliúcháin agus tuairiscithe.

Idir deireadh 2015 agus lár 2019, rinne an tAontas Eorpach méadú ar líon na mball foirne Gaeilge sna seirbhísí teanga. Chuaigh líon na mball foirne ó 58 nduine go 102 dhuine le linn an tréimhse céanna. D’eagraigh sé ceithre chomórtas oscailte le haghaidh foireann bhuan. In ainneoin na hiarrachta comhpháirtí nach beag, ní raibh na torthaí ach go measartha. Cé go bhfuil spéis mhór sna comórtais uile, rud a léiríonn an díocas atá ann, níor leor an sprioclíon iarrthóirí ar éirigh leo. Ní bhfuarthas ach deichniúr aistritheoir agus naonúr cúntóir in 2017, agus 15 aistritheoir agus triúr dlítheangeolaithe in 2019 ó na ceithre chomórtas EPSO. Chun aghaidh a thabhairt air sin, chuaigh an tAontas Eorpach i muinín cur chuige solúbtha trí fhoireann shealadach a earcú agus a chur faoi oiliúint. Reáchtáladh 14 phróiseas roghnúcháin i gcomhair foireann shealadach. Chun acmhainn na foirne Gaeilge inmheánaí a chomhlánú, d'eagraigh institiúidí an Aontais Eorpaigh ceithre ghlao ar thairiscintí le haghaidh saoraistriúcháin, rud a chiallaíonn go bhfuil níos mó oibre á cur chuig aistritheoirí Gaeilge in Éirinn. Eagraíodh glao amháin le haghaidh seirbhísí profléitheoireachta chomh maith agus trí thriail chreidiúnúcháin le haghaidh saorateangairí.

Chuaigh an tAontas Eorpach agus Éire i gcomhar chun cur leis na hacmhainní atá ann don Ghaeilge. Cuireadh inneall nua don mheaisínaistriúchán néarach Béarla-Gaeilge ar bun sa bhliain 2018, inneall atá curtha ar fáil chomh maith don seirbhís phoiblí anseo in Éirinn. Ullmhaíodh comhaontú idir na hinstitiúidí agus Éire chun corpais dhátheangacha reachtaíocht náisiúnta na hÉireann a chomhroinnt, comhaontú a síníodh i mí Dheireadh Fómhair 2019. Leanadh chomh maith leis an obair ar an tionscadal téarmaíochta IATE, atá maoinithe ag Rialtas na hÉireann, i gcomhar le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tháinig méadú leanúnach ar Euramis, banc idirinstitiúideach na gcuimhní aistriúcháin. Chomh maith leis sin, chuaigh an tAontas agus Éire i mbun tionscnamh comhpháirteach chun tabhairt faoi leagan Gaeilge de chorpas dlí an Aontais Eorpaigh. Aistríodh 4,700 leathanach as measc an 11,000 leathanach a sainaithníodh mar phríomhchodanna de reachtaíocht an Aontais Eorpaigh.

De réir a bhfuil tuartha maidir leis an éileamh aistriúcháin a bheidh ann, teastóidh acmhainn i bhfad níos mó chun incrimintí 2020 agus 2021 a bhaint amach. Is gá do na hinstitiúidí iarrachtaí móra a dhéanamh, agus iad ag obair i gcomhar le hÉirinn, chun cur lena n-acmhainn chun riar do na riachtanais atáthar a thuar. Cé nach luaitear an ateangaireacht leis an maolú, ní mór í sin a chur san áireamh freisin mar go hiondúil bíonn ateangairí i measc na ndaoine céanna a bhíonn ar fáil le hearcú.

Mar fhocal scoir, míneoidh mé na chéad chéimeanna eile sa phróiseas seo. Leanfaidh an Coimisiún den obair lena chomhpháirtithe in Éirinn agus leis na seirbhísí teanga eile. Faoi mhí an Mheithimh 2021, tuairisceoidh sé arís ar an deireadh atá á chur de réir a chéile le maolú na Gaeilge. Mura bhforáiltear dá mhalairt le rialachán nua, scoirfidh an maolú d'fheidhm a bheith aige an 1 Eanáir 2022. Is cúis áthais d'ard-stiúrthóireacht an aistriúcháin an chéad tuarascáil seo a chur faoi bhráid Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. Is toradh í an tuarascáil seo ar an dianchomhoibriú fiúntach idir seirbhísí teanga an Aontais Eorpaigh agus Rialtas na hÉireann, agus is liosta le lua an méid atá bainte amach agus muid leath bealaigh tríd an bpróiseas. De mheon seo an chomhair agus na comhinfheistíochta, táimid muiníneach go leanfaimid de bheith ag cur leis an teacht atá ar ábhar agus ar acmhainní atá ar fáil as Gaeilge sna blianta beaga romhainn. Thar aon ní eile, is iad na daoine, seachas na leathanaigh, atá tábhachtach. Tá sé tábhachtach go gcuirtear seirbhís ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge. Tá sé mar aidhm againn sa Choimisiún cur le héiceachóras uile na teanga tríd an ábhar is úsáidí a aistriú do phobal na Gaeilge anseo in Éirinn agus trí na teangeolaithe Gaeilge is fearr a earcú agus a chur faoi oiliúint.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.