Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 19 November 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tá a fhios agam é sin ach tá géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh cúrsaí earcaíochta de. Beidh dualgais bhreise oraibh nuair a thagann an Bille atá le foilsiú roimh dheireadh na míosa isteach.
Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Tá seisiún eile againn agus bíonn sé deacair ar bhaill an choiste mar bíonn dualgais eile acu sa Dáil agus sa Seanad. Tá sé cabhrach dúinne cúrsaí a phlé anseo chun na fíricí a fháil. Gabhaim buíochas leis an Uasal Comerford, an Uasal Meehan, an Uasal Lyons, an Uasal McCabe, an Uasal Sinclair agus an Uasal Phelan. An chéad uair eile, b'fhéidir go mbeidh an cruinniú againn trí Ghaeilge. Is cuma liom faoi bhotúin ach tá gá leis an gcruinniú a fheidhmiú trí Ghaeilge. Go n-éirí libh le bhur dturas sa teanga. Beidh sos beag againn ar feadh cúpla nóiméad.
No comments