Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Is dócha nach leor fós an méid atá á dhéanamh. Tá géarchéim agus dúshlán ann. Sa dara seisiún inniu, beimid ag plé an Ghaeilge san Aontas Eorpach agus an próiseas atá ar siúl i dtreo stádas iomlán ó thaobh na Gaeilge de san Eoraip, comhthreomhar leis na hiarrachtaí atá á dhéanamh ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Is aisteach an rud é nach mbeidh an maolú ar an nGaeilge in 2022 ach tá na dúshláin chéanna ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Tuigim ón ráiteas tosaigh go bhfuil sibh ag obair as lámh a chéile ó thaobh na Gaeilge a chur chun cinn san Eoraip. Rud atá níos tábhachtaí domsa ná cad atá foghlamtha ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ó thaobh na bearta atá déanta san Eoraip. Tá na dúshláin chéanna ann ach tá orthu na dúshláin sin a shárú roimh 2022. Beidh siad os ár gcomhair i gceann tamaill, ach de réir mar a thuigim, tá solúbthacht i gceist. Ní raibh siad in ann teacht ar dhaoine so bhí orthu an cleachtas a athrú agus daoine a earcú i mbealaí éagsúla. Cad atá foghlamtha ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí as sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.