Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 19 November 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Aontaím go gcaithfidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí daoine le Gaeilge a earcú ach ná smaoiníodh muid riamh ar dhaoine le Gaeilge go bhfuil siad gan Béarla. Tá Béarla acu. Áfach, smaoinímid ar dhaoine le Gaeilge agus nach bhfuil Béarla acu. In ionad é a bheith ina bhuntáiste go bhfuil Gaeilge agus Béarla ag daoine, cuirimid i mbosca na Gaeilge iad agus deirtear amhail is nach raibh aon Bhéarla acu. Tá Béarla den scoth acu. Sin é an áit a bhfuil an fhadhb.
No comments