Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 19 November 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Seo í an fhadhb i gcónaí le bheith mar Ghaeilgeoir. Seachas é a bheith ina bhuntáiste, cuireann sé tuilleadh anró ar dhaoine. Don duine atá dátheangach, ba cheart go mbeadh sé ina bhuntáiste, ní ina mhíbhuntáiste. Ba cheart go mbeidís in ann pacáiste leis an dá rud in éineacht a fháil le chéile agus go mbeidís go huathoibríoch ar an bpainéal le Béarla mar ipso factotá Béarla acu ar aon chaoi. Dá mbeadh mise ag cur isteach air, táimid ar ais sa rud a chuireann alltacht orm. Is é sin ná go bhfuil duine an t-am ar fad ag iarraidh either anró breise a chur orthu féin nó caithfear tosú ag déanamh tomhas cé acu an bealach is fearr le dul ar aghaidh. Cuireann daoine an cheist orthu féin an gcuirfidh siad síos go bhfuil Gaeilge acu nó nach gcuirfidh siad síos é.
No comments