Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 19 November 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
-----agus níl aon soiléireacht againn cé mhéad duine a dhéanann é sin, a thuigeann é sin, agus a chuireann an iarracht bhreise seo cur isteach ar an dá phainéal. B'shin an áit a bhfuil an fhadhb ann.
Tá fadhb eile ag baint leis seo, ar ndóigh, mar gur ainmnigh nó níor ainmnigh na Ranna Stáit mórán post a raibh Gaeilge riachtanach iontu. Dúradh gur fhógair Ranna Stáit nach raibh aon phoist a raibh an Ghaeilge riachtanach iontu, fiú ar leibhéal an oifigigh chléireachais. Ar an gcaoi seo, tá an tseirbhís ag dúnadh go leor Ranna Stáit do dhaoine. Bheadh sé i bhfad níos fearr, fiú dá mbeadh an Ghaeilge ó dhúchas ag duine, dul ar an bpainéal Béarla.
No comments