Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirfidh mé geall nach uimhir a haon a bhfaigheadh an duine. B'shin dhá fhoireann agus b’shin an t-anró. Ní thuigim cén fáth, ó tharla gurb é an scrúdú céanna atá i gceist, nach féidir le gach uile dhuine dul ar an bpainéal céanna agus go gcaithfidh duine le Gaeilge cur isteach in dhá chomórtas le háit a fháil isteach sa tseirbhís phoiblí. Ní thuigim cén fáth go gcaithfear é sin a dhéanamh seachas duine ag cur isteach air agus má tá sé nó sí an dara duine is cumasaí ar na daoine ar fad a chuirfear isteach ar an liosta, go bhfuil an duine sin thuas ag uimhir a dó, agus cibé jab a thagann aníos ansin, bíodh sé le Béarla, nó le Béarla agus Gaeilge, faigheann an duine an jab sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.