Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Shíl mé gurb é an rud a bheadh i gceist anseo go mbeadh comórtas oscailte ann, Gaeilge agus Béarla, go mbeadh scrúdú le déanamh, go bhfaigheadh duine áit ar an bpainéal idir a haon agus 1,000, go mbeadh gach uile dhuine ann - daoine le Gaeilge agus Béarla agus daoine le Béarla amháin - go mbeidís san ord ar an bpainéal céanna ach go mbeadh "G" curtha leis na daoine a bheadh an dá theanga acu. Nuair a bheadh an tseirbhís ag iarraidh poist ina mbeadh an Ghaeilge riachtanach léimfeadh sí síos go dtí an chéad duine eile leis an gcáilíocht. Dá mba rud é go raibh poist le Béarla ag teacht aníos agus go raibh "G" in aghaidh a ainm nó a hainm, faigheadh an duine sin an post freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.