Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Abair go bhfuil míle post lena bheith ann do dhaoine le Béarla an bhliain seo chugainn. Abair dá dtiocfadh ar an bpainéal Béarla duine an-chumasach ar fad agus go bhfaigheadh an duine sin an deichiú háit ar an bpainéal sin. Gheobhadh an duine sin tairiscint láithreach. Dá mbeadh duine sách saonta le dul ar an bpainéal Gaeilge agus nach raibh ach deich nó cúig jab le bheith ann agus go raibh an duine ar thaobh amháin den chúig ansin, d'fhéadfadh an duine a bheith ag fanacht píosa fhada go dtí go bhfaigheadh sé nó sin post. Dar liomsa, má tá Gaeilge agus Béarla ag duine, ba cheart, más rud gur jab le Béarla amháin a thiocfadh aníos i dtosach, go bhfaigheadh an duine sin an jab sin agus nach gcaithfeadh an duine fanacht ar an jab le Gaeilge. Tá Béarla ag na daoine seo. Ní féidir leis an duine le Béarla amháin cur isteach ar an jab le Gaeilge ach is féidir leis an duine le Gaeilge agus Béarla cur isteach ar an jab Béarla. Tá an tseirbhís ag rá go léimfimid thar na daoine sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.