Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Mar Chathaoirleach, táim thar a bheith míshásta go bhfuil an cruinniú ag leanúint ar aghaidh trí Bhéarla anois. Tá córas aistriúcháin ar chostas mór i gceist agus tá an teachtaireacht ag dul amach anois má tá rud tábhachtach le rá, abair i mBéarla é. Ba mhaith liom, mar Chathaoirleach, a rá nach féidir stop a chur leis seo ach ní maith liom an teachtaireacht sin a bheith ag dul amach. Ní hí sin an fheidhm atá againn anseo. Tá pointe á dhéanamh ag an Teachta ó thaobh duine le cumas in dhá theanga, Béarla agus Gaeilge. De réir mar a thuigim, is é an rud atá á rá aige gur chóir go mbeadh buntáiste i gceist ag an duine sin atá dátheangach. Más féidir linn díriú isteach air sin, bheinn buíoch dár bhfinnéithe. Gabhaim buíochas leo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.