Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

An nglacfadh an tseirbhís le duine a labhair Gaeilge amháin, gan aon Bhéarla ar chor ar bith? An rud nach dtuigeann daoine, agus a deir mise i gcónaí, ná nach comparáid é seo idir daoine atá aonteangach i dteanga amháin agus aonteangach i dteanga eile, ach idir daoine atá dátheangach agus daoine atá aonteangach. Luadh an Bheilg, áit atá daoine ar thaobh na Fraincise gan aon Phléimeannais agus dream ar thaobh na Pléimeannaise gan aon Fhraincis. Níor chas mé le Gaeilgeoir riamh a bhí ag cur isteach ar phost sa Státseirbhís nach raibh Béarla aige nó aici. Mar sin, tá siadsan in ann an dá chluiche a imirt, áit nach bhfuil lucht an Bhéarla amháin in ann ach cluiche amháin a imirt. Cuirtear daoine i rannóga nó Ranna éigin ina bhfuil Gaeilge riachtanach díreach mar go bhfuil Gaeilge acu. Má tá duine ag teastáil sa Department of Public Expenditure and Reform, ba cheart an chéad duine ar an liosta a chur ann, fiú má tá Gaeilge agus Béarla acu. Ní amháin gur féidir le daoine mar sin gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, ach tá siad in ann é a dhéanamh trí Bhéarla chomh maith. Ní féidir duine nach bhfuil aige nó aici ach Béarla a chur, mar shampla, i rannóg na Gaeltachta thiar i gCois Fharraige, mar ní bheadh sé nó sí in ann a ghnó nó a gnó a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh an buntáiste ag an duine dátheangach. Nílimid ag caint ar aon duine atá aonteangach sa Ghaeilge, ach daoine dátheangach. Ní maith le Gaeilgeoirí go mbíonn siad coinnithe sa chúinne i mboiscín i gcónaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.