Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ní freagra é sin ar mo cheist. Dá mbeinnse ag cur isteach ar jab sa Státseirbhís, ba mhaith liom deis a bheith agam ar gach post atá ar fáil ann. B’fhéidir nach mbeadh aon spéis agam dul ag obair sa rannóg Ghaeltachta den Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ach gur mhaith liom oibriú sa Roinn Sláinte, nó sa Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, agus gur mhaith liom bogadh thart sa Státseirbhís. Má tá duine ar an bpainéal Gaeilge, an dtairgfear post dó nó di ina bhfuil Gaeilge riachtanach? An gciallaíonn sé sin nach mbeidh an deis chéanna ag an duine sin a bheith páirteach sa Státseirbhís go ginearálta? An taithí atá agamsa ar Státseirbhísigh ná go dtaitníonn leo dul ó Roinn go Roinn agus gan a bheith sáinnithe i mboiscín beag ina dtugtar fear nó bean na Gaeilge orthu. B’fhéidir gur sin an fáth nach bhfuil daoine ag cur isteach ar an sruth Gaeilge. Dá mbeinn san iomaíocht do chomórtas mar dhuine óg agus mé ábalta cur isteach air trí Ghaeilge nó trí Bhéarla, níor mhaith liom a bheith srianta sna poist a mheastar mé dóibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.