Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Bhí mé réidh, ach bhí mé ag éisteacht go foighneach leis an gCathaoirleach ag cur a ceisteanna.

Abair go bhfógraíonn an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí post mar oifigeach cléireachais, le sruth amháin do dhaoine gan aon Ghaeilge agus sruth eile do dhaoine le Gaeilge. Má roghnaíonn duine le Gaeilge - agus le Béarla, mar is beag duine le Gaeilge gan aon Bhéarla - an sruth Gaeilge, agus má éiríonn leo dul ar an bpainéal, an gciallaíonn sé sin nach dtairgfear ach poist ina bhfuil Gaeilge riachtanach dóibh? An áireofar iad d’aon phost nach bhfuil an Ghaeilge riachtanach dó?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.