Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Táim ag iarraidh pictiúr iomlán den scéal, mar tá sé seo cosúil le míreanna mearaí. Níl mé ag iarraidh ach míniú a chur ar an rud. Is dócha nach mbeadh drogall ar bith ar na finnéithe a rá go bhfuil géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge de. Nach bhfuil géarchéim sa tír seo ó thaobh na Gaeilge de? Sin an fáth go bhfuil muid ag cur brú ar an Rialtas an Bille maidir leis an teanga oifigiúil a thabhairt isteach. Tá sé ráite go soiléir ag an gCoimisinéir Teanga go bhfuil teipthe go huile agus go hiomlán ag na scéimeanna teanga. Tá géarchéim ann. An aontaíonn an tUasal Comerford leis sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.