Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 19 November 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tá an ráiteas cuimsitheach agus tá sé léite agam. Tá deacracht agam de bharr go bhfuil na finnéithe ag caint i mBéarla agus tá orm iad a aistriú. Tá sé sin deacair orainne. Tiocfaidh mé ar ais ag an gceist sin níos déanaí.
Sa ráiteas tosaigh, luaitear nár líonadh aon phost le Gaeilge in 2018. An bhféadfadh na finnéithe é sin a mhíniú dom? Tá na gráid faoi leith luaite sa tábla sin. Is léir go raibh blianta áirithe níos fearr ná blianta eile, ach cad a tharla in 2018? Tá náid scríofa do chuile ghrád sa bhliain sin.
No comments