Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 19 November 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Aontaím leis an Uasal Comerford go bhfuil dúshláin ansin ach tá córas ag feidhmiú ina dtugtar marcanna bónais de 6%. An bhfuil aon taighde déanta ag an tseirbhís? An bhfuil sé ag feidhmiú i gceart? An fiú breathnú air mar chuid de réiteach an dúshláin? Tá sé ann in earnáil na húdarás áitiúla.
Níl sé ann do na státseirbhísigh. An bhfuil taighde ar bith déanta maidir leis sin? An fiú fáil réidh leis na pointí breise? An dtuigeann an tUasal Comerford an cheist? An bhfuil aon taighde déanta ar cén chaoi atá sé sin ag feidhmiú?
No comments