Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 19 November 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Fillfidh mé ar an gcéad cheist maidir leis an éifeacht atá ag an tseirbhís ar an ról atá á fhógairt má thagann eagraíochtaí éagsúla chuig an tseirbhís agus má bhraitheann sí gur chóir go mbeadh Gaolainn ina riachtanas nó ina scil roghnach don ról. An bhféadfadh an tUasal Comerford cúpla sampla a thabhairt dúinn de chásanna ina raibh sé ar an tseirbhís an cath a throid ar son na Gaolainne chun cur ina luí ar eagraíochtaí éagsúla gur chóir go mbeadh Gaolainn riachtanach? An bhfuil cúpla sampla aici? Luaigh sí go raibh roinnt plé ag an tseirbhís le cúpla eagraíocht.
No comments