Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an toscaireacht as an gcur i láthair. Tá an-chuid ann. Thóg sé tamall orm léamh tríd. Tá cúpla ceist agam. B'fhéidir go spreagfaidís cúpla ceist eile. Ar dtús, nuair a bhíonn post le líonadh, an bhfuil aon ról faoi leith ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí i leagan síos na riachtanas don phost? An é go dtagann eagraíocht eile chuige le menu iomlán agus go lorgaíonn an tseirbhís a leithéid de dhuine gan cheist? An bhfuil deis ag an tseirbhís athruithe a dhéanamh ar an job specification sin? Cuir i gcás education and training board, ETB, atá ag lorg CEO agus go bhfuil a fhios againn go léir go bhfuil roinnt Gaelscoileanna ann i gceantar an ETB sin. An mbeadh an tseirbhís ag treorú an eagraíocht i gcomhair duine le Gaolainn nó chun an Gaolainn a bheith san áireamh mar scil roghnach? Cé aige a bheadh an cinneadh sin? An bhfuil ról ag an tseirbhís na heagraíochtaí sin a threorú gur chóir dóibh duine le Gaolainn a lorg i gcomhair ról faoi leith?

Nuair atá poist éagsúla á bhfógairt, cén sórt caiteachais atá i gceist? Cén caiteachas atá ann ó thaobh fógraíocht as Béarla agus fógraíocht as Gaolainn? Luadh thart ar 4,000 iarratasóir atá ag lorg a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn. An iadsan i gcomhair poist i gcoitinne nó poist a dhéileálann le cúrsaí Gaolainn? Nuair a théann an tseirbhís ag lorg daoine, téann sé ag headhunting daoine le Gaolainn i gcomhair post faoi leith chun go mbeidh daoine faoi leith ar fáil aige. Tá cúpla ceist eile agam ach tosóimid ansin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.