Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 19 November 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
I dtaca leis sin, molaim don Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí ceist a chur ar siúd a thit amach as próiseas earcaíochta an Gharda Síochána. An raibh eagla orthu go mbeidís gafa mar gharda le Gaeilge sa Ghaeltacht dá leanfaidís leis an bpróiseas, fiú nach raibh siad ag lorg post mar sin? Ar cheap siad go mbeidís pigeonholed, mar a deirtear as Béarla? Bíonn eagla ar dhaoine atá ag lorg post nuair atá Gaeilge acu. Tá mo bhean chéile, mar shampla, ag obair leis An Post. Nuair a thagann clúdach litreach isteach as Gaeilge, deirtear, "There is one of yours; translate that for me", léi. Tarlaíonn sé sin. Bíonn eagla ar a lán de na Gaeilgeoirí a bhfuil aithne agam orthu go dtarlóidh an rud céanna leo so ní luann siad go bhfuil Gaeilge acu. Deir daoine go bhfuil spéis acu a bheith ar an liosta Gaeilge nó agallamh a dhéanamh trí Ghaeilge, ach ansin imíonn siad ón sruth sin.
No comments