Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Go maith. Dá mbeinn ag cur isteach ar phost atá fógartha ar suíomh leis an seoladh , cheapfainn láithreach go bhfuil an Béarla i gceist. Tuigim nach bhfuil ar dhuine ach cnaipe a bhrú agus go bhfuil gach rud éasca ach is i mBéarla an chéad rud a fheictear. Níl a fhios agam conas gur féidir é seo a dhéanamh ar bhealach difriúil. B'fhéidir go mbeifear in ann an leathanach a roinnt ina dhá leath. Níl a fhios agam. Tá rud eile i gceist. Níl an locht ar an tseirbhís ach ar an gcóras oideachais agus, b'fhéidir, orainn féin ach nuair a bhíonn ar dhaoine foirm a líonadh, stopann siad nuair atá sé le líonadh i nGaeilge. An bhfeiceann an tUasal Comerford daoine ag teacht isteach ar an suíomh Gaeilge ach ag athrú go dtí an leagan Béarla nuair a fheiceann siad na ceisteanna? Más fíor sin, tá fadhb leis an bhfoirm nó leis an gcóras oideachais. Tá eagla ar dhaoine foirmeacha a líonadh i nGaeilge. Ní chreidim go bhfuil an figiúr sin ó thaobh daoine a bhfuil sé ar a gcumas cur isteach ar phoist le Gaeilge fíor. Ceapaim go bhfuil eagla nó drogall orthu roimh fhoirmeacha Gaeilge a líonadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.