Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá roinnt ceisteanna agam. Tá súil agam go bhfuil siad simplí go leor fiú gur obair dheacair í an earcaíocht. Tá a fhios agam óna bheith ar chúpla painéal thar na blianta go mbíonn méid áirithe marcanna tugtha le haghaidh scileanna difriúla. An míneoidh an tUasal Comerford dúinn an tslí ina dtugtar marcanna sa phróiseas earcaíochta? Cé mhéad a thugtar le haghaidh scileanna, experience agus rudaí eile? An bhfuil méid áirithe tugtha don Ghaeilge sa chóras marcála? Cloisim an méid atá á rá ag an Uasal Comerford maidir le daoine atá ag dul trí chúrsaí oiliúna Gaeilge. Cé mhéad atá ar an bhfoireann san iomlán? Tá sé deacair a thomhais conas mar atá ag éirí leis an tseirbhís. Tá sé go maith go bhfuil baill fhoirne ag foghlaim na scileanna nach bhfuil acu.

Ceann de na róil atá againn i gcoitinne, má chreidimid gurb í an Ghaeilge an teanga náisiúnta, ná a dhéanamh cinnte go bhfuil an Státchóras ag léiriú meas ar an teanga agus, dá réir, go bhfuil sé ag cur gach seirbhís gur féidir leis ar fáil as Gaeilge. Chun é sin a dhéanamh, caithfimid an líon is mó státseirbhíseach le Gaeilge a fháil gur féidir linn. Conas is féidir linn bogadh i dtreo na céime sin go tapa? Tá sé ag tarlú ach tá sé ag tarlú go mall. An bhfuil gá ann céatadán níos mó ná mar a bhfuil daoine ag caint faoi a chur i leataobh? An gá don státchóras i gcoitinne meas a léiriú don Ghaeilge arís? Tá sampla agam. Sna 1950í, agus b'fhéidir roimhe sin, sula raibh mise timpeall, nuair a bhí daoine ag cur iarratais isteach ar phoist sa Státchóras, go minic chuaigh siad chuig múinteoir nó a leithéid chun an t-iarratas a scríobh i nGaeilge mar síleadh gur thug sé sin buntáiste dóibh. Síleadh go mbeadh deis níos fearr ag an iarratasóir post a fháil toisc go raibh an litir as Gaeilge. Anois cuireann roinnt daoine le Gaeilge isteach ar phoist sa Státseirbhís i mBéarla. Ní dhéanann siad iarratas trí Ghaeilge toisc go síleann siad go gcuirfidh a n-iarratais ar leataobh nó go roghnófar iad do phost oifigeach Gaeilge nó oifigeach cléireachas le Gaeilge amháin. B'fhéidir nár mhaith leo bheith ag obair ar chúrsaí Gaeilge amháin ná go mbeadh a duties go hiomlán trí Ghaeilge. Níor mhaith leo a bheith the token Gaeilgeoir. Conas is féidir linn an meon sin sa phobal i gcoitinne a athrú? Aithním an méid atá ag tarlú. B'fhéidir go mbeidh an tUasal Comerford in ann na ceisteanna sin a fhreagairt dom.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.