Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge agus Seirbhísí Dátheangacha: An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Fáiltím roimh chách agus tá an cruinniú tosaithe anois. Tá leithscéal faighte againn ón Teachta O'Dowd agus táim buíoch de as. Táimid anseo inniu chun plé a dhéanamh ar ábhar na gcuspóirí agus na mbeart atá á gcur i gcrích ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an Ghaeilge agus seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil. Cuirim fáilte faoi leith roimh: an tUasal Shirley Comerford, príomhoifigeach feidhmiúcháin; an tUasal Margaret McCabe, ceannasaí earcaíochta; an tUasal Aoife Lyons, síceolaí sinsearach i seirbhísí measúnaithe; an tUasal Liam Sinclair, earcaíocht dlí; agus an tUasal Marese Phelan, earcaíocht mar ionadaithe ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Cuirim fáilte freisin roimh an Uasal Nicholas Meehan, príomhoifigeach cúnta mar ionadaí ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

I dtús báire, roimh aon chur i láthair, ba mhaith liom rud amháin a rá faoin Acht agus tá dualgas orm é a léamh amach. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009 finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, ina hainm, nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Tá sé deacair orm é sin a léamh amach gach uile sheachtain ach gabh mo leithscéal mar go bhfuil orm é sin a dhéanamh. Táimid ag tnúth leis an gcur i láthair ónár n-aíonna mar is í sin an rannóg nó an Roinn is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge de. Is í an tUasal Comerford a bheidh ag labhairt linn anois.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.