Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 5 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tiocfaidh mé ar ais ag na comhaltaí má tá tuilleadh ceisteanna acu.

Is iontach an rud é go bhfuil an tAire Stáit anseo agus go mbeidh an Bille foilsithe i rith na míosa seo. D’úsáid muid ár bhfuinneamh chun brú a chur ar an gcóras é sin a fhoilsiú ach tá neart rudaí eile le plé againn. Is tús é an Bille a fhoilsiú. Cén uair a shíleann an Aire Stáit go mbeidh an dlí i bhfeidhm? Sin ceist shimplí agus díreach. Cén uair a bheidh an dlí i bhfeidhm?

Cén sórt oibre atá déanta maidir leis na hathruithe atá le teacht ó na Ranna uile? Tá a fhios againn gur theip ar na scéimeanna teanga go tubaisteach. Tá sé sin ráite go soiléir ag an gCoimisinéir Teanga seo agus ag an iar-choimisinéir ag dul siar go 2008. Cén sórt oibre atá déanta maidir leis na hathruithe? Cuireann sé olc orm go bhfuil am curtha amú leis na scéimeanna teanga agus go bhfuil eagraíochtaí éagsúla i mbun oibre faoi láthair ag eagrú scéimeanna teanga. Tá deireadh leo. Tá siad teipthe.

Tá an tAire Stáit anseo mar gheall ar an mBille ach tá sé anseo maidir le hábhair eile a bhaineann leis an nGaeilge freisin. Is rud iontach dearfach í an straitéis 20 bliain ach tá cáineadh láidir déanta ag a lán grúpaí nach leor í. Tá sí dearfach agus tá gá léi, ach ní théann sí i ngleic leis an ngéarchéim Gaeilge sna Gaeltachtaí. Chomh maith leis sin, níor cuireadh an straitéis i bhfeidhm. Níl mé ag iarraidh dul ar ais ar an stair, ach de bharr sin, foilsíodh plean gníomhaíochta faoi dheireadh agus tá spriocanna faoi leith ann.

Cé chomh minic a thagann an coiste stiúrtha le chéile? An bhfuil na miontuairiscí le feiceáil go poiblí? Cén aidhmeanna atá ar an gclár oibre aige? Cad atá á dhéanamh, cé atá ar an gcoiste agus cé chomh minic a thagann sé le chéile?

Feicim ó ráiteas tosaigh an Aire Stáit go bhfuil tuarascáil le foilsiú. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil maidir leis sin freisin. Nuair a chríochnaíonn an seisiún seo beimid ag díriú isteach ar thuarascáil faoin toscaireacht a rinne muid go Gaeltacht Mhaigh Eo. Is fiú í a léamh, cé nach bhfuil sí foilsithe fós againn. Is léiriú í ar na fadhbanna atá ag muintir ar an talamh ó thaobh na Gaeilge de agus tagann na téamaí coitianta suas arís agus arís: an daonra ag laghdú, easpa post, an iomarca freagracht ar an bpobal áitiúil agus easpa áiseanna do dhaoine óga. Tá na téamaí céanna ag teacht suas arís agus arís. Fiafraím ar an Aire Stáit cúpla focal a rá faoi sin.

De réir mar a thuigim ó thuairiscí, thug an Roinn airgead amach d’eagraíochtaí éagsúla, Foras na Gaeilge san áireamh, ach níor caitheadh an t-airgead sin. An bhféadfadh an tAire Stáit soiléiriú a thabhairt dúinn faoi sin freisin. Cén fáth nár caitheadh an t-airgead agus eagraíochtaí eile ag streachailt ar an talamh? Tá ceithre nó cúig cheist ansin don Aire Stáit chun díriú isteach orthu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.