Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 5 November 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Ba chóir moladh a thabhairt don Aire Stáit mar aon uair a luadh é seo faoin mBille roimhe seo, tharla moill eile leis. Níl mé á rá sin ar eagla na heagla. Tá mé ag tnúth leis an mBille agus tá súil agam go mbeidh Bille faofa ann, nó ar a laghad, nuair atá sé foilsithe, go mbeidh muid in ann plé ceart a dhéanamh air, agus más gá mionathruithe nó mórathruithe, go dtabharfar cluas do na pointí a dhéanfaimid. Tá súil agam go mbeidh muid in ann díriú isteach air chomh tapa agus is féidir mar Oireachtas i gcoitinne toisc go bhfuil daoine ag feitheamh air chomh fada sin. Má tá sé le foilsiú an taobh seo den mhí, seans go mbeidh muid in ann éisteacht éigin a fháil sa Dáil nó sa Seanad, pé áit atá an Rialtas chun é a fhoilsiú.
Tá súil agam gur sa Dáil a bheidh sé agus ansin go mbeidh ar a laghad an Dara Céim críochnaithe againn roimh Nollaig agus go mbeidh muid ag díriú isteach air i mí Eanáir. Ní bheidh muidne ag cur aon mhoill air. Tá go leor obair déanta ann ach fós féin, caithfidh sé a bheith chomh foirfe agus is féidir. Bíonn na Billí sin casta. Is cuimhin liom go raibh an chéad Acht casta agus go raibh díospóireacht mór againn ach tá a lán den obair sin déanta le blianta agus le míonna anuas. Tá súil agam go n-éireoidh leis. Sin an méid atá le rá agam faoin mBille faoi láthair.
No comments