Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 October 2019

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Mid-Year Review: Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal ach rinne me dearmad freagra a thabhairt don choiste maidir le Foras na Gaeilge. Mar is eol don choiste is é an deacracht atá sa Tuaisceart faoi láthair nach bhfuil an Rialtas nó an tionól i bhfeidhm. Is é an buiséad a bhi leagtha amach dó an ceann a bhí leagtha amach dó le cúpla bliain anuas. Tá airgead tugtha díreach ag an Roinn do cheanneagraíochtaí, mar shampla: Foras na Gaeilge, Glór na Gael, Culture Club, Cartlann Athbheochan na Gaeilge, an scéim Gluaiseacht de chuid Chonradh na Gaeilge áit a mbíonn siad ag dul amach chuig na scoileanna ag cur páistí ar an eolas faoi na deiseanna atá ar fáil sa Ghaeltacht agus poist trí mheán na Gaeilge in Éirinn agus san Eoraip. Tá airgead curtha ar aghaidh ar maidin, tráth a sheol mé €683,000 thar thrí bliana do Ghlór na Gael chun Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, agus scéim an Gaelbhrataigh a chur chun cinn. Táim ag tabhairt airgead go díreach chuig na ceanneagraíochtaí, cé nach bhfuil an deis againn níos mó airgid a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge mar gheall ar an gcéatadán agus na fadhbanna sa Tuaisceart.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.