Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 October 2019

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Mid-Year Review: Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

I will put a few questions of my own and then the Minister and Minister of State can respond as they see fit. Tá formhór mo chuid dírithe chuig an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeltacht. Ar an gcéad dul síos, an bhfuil sé i gceist scéim labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais chun cabhrú le pleanáil teanga sa Ghaeltacht? Ó thaobh mo dara ceist, bhí díomá ar dhaoine gurbh é an daonáireamh deireanach an chéad dhaonáireamh le cuid mhaith blianta ina raibh titim ar líon na nGaeilgeoirí le feiceáil. An bhfuil fiosrúchán déanta? An bhfuil aon eolas ag an Aire Stáit maidir leis an fáth gur tharla sé sin? An raibh baint ag na ciorruithe in Údarás na Gaeltacha, deireadh scéim labhairt na Gaeltachta, nó deireadh na n-allúntas Gaeilge leis an titim? Cad é an chúis gur thit sé seo amach?

Tá fadhbanna ann ó thaobh gardaí a earcú nó a lonnú sa Ghaeltacht de bharr easpa an liúntas Gaeltachta a bhíodh ann. Níl an tAire Stáit freagrach as seo ach an bhfuil sé i gceist aige labhairt leis an Aire le cinntiú go bhfuil go leor gardaí sa Ghaeltacht? Ceann de na hábhair is mó imní do phobal na Gaeltachta ó thaobh maoiniú dé ná go raibh Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta i measc na n-eagraíochtaí a fuair ciorraithe móra ar dtús. Tá an cuma ar an scéal go bhfuil siad i measc na n-eagraíochtaí is déanaí a fuair aon méadú, agus is lú an méadú atá faighte acu nuair a chuirtear i gcomparáid le roinnt de na n-eagraíochtaí faoi stiúir an Roinn seo é. Tá sé go breá go bhfaigheann siad an maoiniú sin agus go bhfuil an maoiniú sin tar éis fás, ach níl an méadú maith go leor ó thaobh Údarás na Gaeltachta de agus bhí laghdú le Foras na Gaeilge le blianta beaga anuas. Tá gá le ardú suntasach ó thaobh Foras na Gaeilge de le tacú le cúrsaí ar nós scéim pobal Gaeilge. Baineann sé sin le cúrsaí sa Tuaisceart freisin. Tá gá le maoiniú ar an dá thaobh den Teorainn. Rinne an Teachta Danny Healy-Rae tagairt do cé chomh deacair a bhfuil sé tionscal agus fostaíocht a thabhairt go dtí an Ghaeltacht agus go bhfuil níos mó tacaíocht ag teastáil ansin.

An rud is mó atá ann ná an laghdú a bhíodh ann agus an easpa dul chun cinn atá feicthe againn ó shin ó thaobh buiséad Foras na Gaeilge agus buiséad Údarás na Gaeltachta de. I ask the Minister and the Minister of State to reply to the various questions.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.