Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 October 2019

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Mid-Year Review: Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an deis seo labhairt leis an gcoiste inniu ar cheisteanna a bhaineann le clár C de chuid na Roinne maidir leis an nGaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin, agus ar cheisteanna a bhaineann le clár D maidir le Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise.

Ba é €18.4 milliún an caiteachas iomlán do chlár C ag an 30 Meitheamh 2019. Ba é an caiteachas reatha i lár na bliana ná €13.6 milliún, nó 99% den phróifíl agus 37% den leithdháileadh iomlán don bhliain 2019. B’ionann caiteachas caipitil agus €4.8 milliún, nó 70% den phróifíl agus 36% den leithdháileadh iomlán.

Ó thaobh ár dteanga de, tá dul chun cinn maith á dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta cúig bliana don Ghaeilge. Tá an chéad tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn á hullmhú faoi láthair lena foilsiú.

Maidir leis an bpróiseas pleanála teanga, as na 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta atá ann, ceadaíodh 16 phlean go dtí seo. Is é an sprioc go gceadófar 23 cinn díobh faoi dheireadh na bliana.

Rinneadh dul chun cinn freisin ar Bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) a dhréachtú. Anuas air sin, tá an sceideal a ghabhann le hAcht 2003 nuashonraithe den chéad uair ó 2006 ann agus tá sé á thabhairt trí na Tithe faoi láthair.

I mí Iúil, foilsíodh an tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach don Chomhairle Eorpach ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag institiúidí an Aontais ar laghdú an mhaolaithe Gaeilge de réir a chéile a chur chun feidhme. Chuir mé an Chomh-Aireacht ar an eolas faoin tuarascáil tamaillín ina dhiaidh sin. Tuarascáil dhearfach a bhí inti den chuid is mó. Tugadh le fios gur cuireadh chun feidhme go hiomlán an chéad dá incrimint i dtreo deireadh a chur leis an maolú. Rinneadh dul chun cinn suntasach ar na gnéithe go léir den phlean gníomhaíochta a bhfuil mar aidhm leo deireadh a chur leis an maolú.

Tá na hinstitiúidí tiomanta do chríoch a chur leis an maolú. Tá tiomantas agus comhar na hÉireann ag cur go mór leis an soláthar go dtí seo. Ag an deireadh ar fad, cuireadh an chéad chruinniú de chuid an choiste idir-rannaigh maidir le forbairt na n-oileán ar siúl an tseachtain seo caite. D’fhreastail ionadaithe ó Ranna Rialtais éagsúla air. Tabharfar faoi phróiseas comhairliúcháin fadréimseach anois chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt an bheartais agus an phlean gníomhaíochta.

Maidir le clár D, tá obair thábhachtach Fhoras na Gaeilge agus Ghníomhaireacht na hUltaise ag leanúint le dul chun tairbhe do phobail ón dá thraidisiún ar an oileán i mbliana. Tá an caiteachas go dtí lár na bliana ar aon dul leis an bpróifíl a comhaontaíodh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.