Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 September 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Is téama coitianta é an t-éileamh i gcónaí. Cad iad na rudaí atá a dhéanamh ag na finnéithe? Éiríonn daoine tuirseach, mé féin san áireamh, nuair a chuireann siad glaoch ar cibé eagraíocht, agus deirtear leo cnaipe 1 nó 2 a bhrú le seirbhís trí Ghaeilge, ach níl aon duine ann chun an tseirbhís a chur ar fáil. Is ciorcail é. Éiríonn daoine tuirseach mar nach bhfuil siad in ann an tseirbhís a fháil, agus mar sin téann siad ar ais ag an mBéarla mar go bhfuil sé níos sciobtha. Tá sé deacair domsa agus do na baill ar an gcoiste oibriú amach cad atá ag tarlú. Sin an fáth gur chuir mé ceist maidir le réghníomhaíochta chun an tseirbhís a chur ar fáil mar atá de cheart ag daoine. Sa chomhthéacs sin, dúradh ar an chéad leathanach den cheistneoir go bhfuil rudaí ar siúl ar bhun leanúnach. Deirtear:

Tá an Roinn Cosanta inniúil ar a cuid seirbhísí a sholáthar tri Ghaeilge. Ceann de na tiomantais atá sa Scéim Teanga againn ná an t-éileamh ar sheirbhisí trí Ghaeilge a thomhas ar bhonn leanúnach agus a chinntiú go sásaíonn an Roinn an t-éileamh seo ar bhealach pleanáilte.

An dtabharfaidh an tUasal Mulhall sonraí dom maidir leis an gcaoi a ndéanann an Roinn mhonatóireachta, mar atá leagtha amach?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.