Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 September 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Gnó an Chomhchoiste
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá cúpla pointe agam. Tá sé soiléir go bhfuil dearcadh báúil laistigh den Roinn agus go bhfuil daoine le Gaeilge á earcú ann. Cé nach bhfuil an Roinn á lorg, tá Gaeilgeoirí nó daoine a bheadh compordach a bheith mar an Gaeilgeoir sa Roinn ag teacht chuige. Tá sé sin le feiceáil sna figiúirí, agus is iontach an rud é.
Teastaíonn uaim filleadh ar na figiúirí arís. Tá an grúpa seo tar éis fás ó sheachtar go 11 duine. Cén saghas fás a bhí ar an chuid eile den fhoireann sa tréimhse chéanna? An raibh an Roinn ag earcú a lán daoine agus thaitin ceathrar as 20 nó 100 duine leo? Tá sé luaite go bhfoilsítear an ráiteas straitéise, an tuarascáil bhliantúil agus na doiciméid éagsúla as Gaeilge. Is iontach an rud é sin. An bhfuil siad á fhoilsiú ag an am céanna leis an tuarascáil Béarla? Ba mhaith liom é sin a chinntiú. Tá an-chuid rudaí dearfach le feiceáil. Má tá an-chuid teagmháil ag teacht ag an Roinn Cosanta ó na Ranna eile, agus má tá Gaeilgeoirí sna Ranna sin, an ndéanfaidh siad an teagmháil sin as Gaeilge? An bhfuil a fhios acu go bhfuil Gaeilgeoirí sa Roinn Cosanta?
No comments