Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 September 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá siad ag tosnú. Is iontach an rud é sin ach tá mé ag iarraidh comhthéacs a chur ar chúrsaí. Déanaim an rud ceannann céanna le gach uile Roinn because tá dualgas faoi leith sa Bhunreacht mar gheall ar an teanga. Tiocfaidh mé ar ais go dtí na deacrachtaí ach tá mé ag iarraidh eolas a fháil mar gheall ar na buntáistí agus na rudaí atá ann chun daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a úsáid mar a luaigh an Seanadóir Ó Domhnaill. Dúirt an tUasal Mulhall ina ráiteas tosaithe:

Tá straitéis foghlama agus forbartha á cur le chéile ag an Roinn faoi láthair. Beidh scileanna teanga san áireamh leis an straitéis sin.

An féidir linn tuilleadh sonraí a fháil mar gheall ar an straitéis sin?

Tá triúr ag cur tús le cúrsaí. Cad atá ar siúl ag an Roinn chun daoine a mhealladh tuilleadh cúrsaí a dhéanamh ionas go mbeidh siad in ann fáil réidh leis an eagla? Ní mór dom a admháil go mbíonn eagla orm freisin. Cad atá ar siúl ag an Roinn chun dul i ngleic leis an dúshlán sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.