Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 September 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an toscaireacht, atá anseo mar ionadaithe na Roinne, as an obair a dhéanann an Roinn don tír. Ní aithnítear an obair sin go minic sna Tithe seo. Tá sé tábhachtach í a aithint, go háirithe nuair atá an tArm agus na fórsaí eile ag streachailt thar ceann an Stáit. Bíonn siad ar an talamh ag cur cúraim agus tacaíochta ar fáil do phobail, grúpaí agus mar sin de. Chonaic muid é sin cúpla uair i mbliana i nDún na nGall. Bhí tinte ag dul as smacht agus chuir an tArm tacaíocht ar fáil don cheantar, ceantar atá sa Ghaeltacht. Bhí muid an-bhuíoch as an tacaíocht sin.

Tá an cur i láthair cuimsitheach. Cuirim fáilte roimh an scéim teanga úr atá curtha i bhfeidhm ag an Roinn. Tá sé tábhachtach go bhfuil leanúnachas ann agus go bhfuil scéim den chineál sin ann. Tá cúpla ceist ginearálta agam. Níl a fhios agam cén dearcadh atá ag an Roinn ach an bhfuil aon mholtaí ag an toscaireacht don choiste? Cuirim an cheist sin in áit moltaí agus tuairimí an choiste amháin a chloisteáil. Ní chloistear moltaí ár bhfinnéithe go minic. An bhfuil aon mholadh ag an toscaireacht ó thaobh cúrsaí Gaeilge nó obair an choiste gur féidir linn a chur os comhair an Rialtais? An bhfuil aon mholtaí ag na finnéithe ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge i ngach Roinn Stáit, go háirithe sa Roinn Cosanta?

De réir an chur i láthair, tá beirt bhall foirne a bhfuil suim acu cúrsa Gaeilge a dhéanamh in ionad foghlama agus forbartha an Roinn Cosanta. An bhfuil aon tuairim ag na finnéithe maidir le buntáistí a chur ar fáil do bhaill foirne a dhéanann cúrsaí Gaeilge - bónas nó buntáiste eile - chun daoine a spreagadh le cúrsaí Gaeilge a dhéanamh?

B'fhéidir go bhféadfaí laethanta saoire a thairiscint mar tá course days ar fáil do múinteoirí scoile le haghaidh cúrsaí a dhéanann siad sa samhradh. An bhfuil aon rud mar sin ar fáil do bhaill an Roinn Cosanta agus an fiú é sin a dhéanamh?

Tá sé soiléir go bhfuil an Roinn ag déanamh iarracht láidir an Ghaeilge a chur chun cinn ón document a chuir an Roinn ar fáil don choiste agus ón gcur i láthair. Cuirim fáilte láidir roimhe sin. Tagraím don sprioc atá sa reachtaíocht úr a bheidh ag teacht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i dtaca le hearcaíocht san earnáil phoiblí. Is é sin go mbeidh Gaeilge ar a dtoil ag 20% de na fostaithe nua ag gach roinn Stáit. An mbeidh an Roinn in ann an sprioc sin a bhaint amach?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.