Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 September 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an toscaireacht as an gcur i láthair. Go minic bímid ag plé le rannóga nach bhfuil chomh láidir in aon chor. Tá sé an-mhaith tuairisc chomh dearfach sin a chloisteáil. Tá áthas orm mar gheall air sin. Tuigim nach bhfuil puinn teagmháil ag an Roinn leis an bpobal, mar a bheadh ag Ranna eile, ach tá an-suim agam sa fíric go raibh 200,000 teagmháil in 2018, in ainneoin nach bhfuil aon chuntar poiblí ag an Roinn. Cárb as a dtagann siad? An dtagann siad ó Ranna eile? Cé atá ag teacht chuig an Roinn ag cur éilimh ar sheirbhísí? Tá an-suim agam go bhfuil buíon Gaeilgeoirí ag an Roinn atá ag obair go deonach agus a bhfuil suim acu. De réir an cheistneora a bhí ann, tuigim go raibh seachtar sa bhfoireann in 2017. An bhfuil aon fhás air sin ó shin? An é sin seachtar as 1,000 duine? Cé chomh mór atá an fhoireann, chun go mbeidh muid ábalta pictiúr cruinn a fháil air sin? Tosóimid leis sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.