Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 April 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Oideachais agus Scileanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Déarfaidh mé é sin, ach tá ceist bhuncheart daoine an t-aon leagan amháin atá acu dá gcuid ainmneacha a úsáid á plé. Ba mhaith liom moladh a dhéanamh mar chreidim nach bhfuil an cur chuige atá ann go coitianta maidir leis an bhfadhb seo ag oibriú. Ní chreidim gur féidir Gaeilgeoirí fíorlíofa a dhéanamh de dhaoine nach bhfuil inniúil ar an nGaeilge go héasca ar chor ar bith. Muna bhfuil an córas oideachais tar éis Gaeilge foirfe a thabhairt do dhaoine, is beag seans go ndéanfaidh an Státseirbhís é. Ní shin jab na Státseirbhíse. Is é an rud atá feicthe agam ná go n-oibríonn sé nuair atá aonad ag obair go hiomlán trí Ghaeilge. Mar shampla, de réir mar a thuigim, feidhmíonn an fhoireann ar fad atá ag obair i gCOGG as Gaeilge. Is gnáth-theanga na hoifige í. Is í an Ghaeilge gnáth-theanga oifig an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i nGaillimh.

Is é an moladh a bheadh agamsa ná gur chóir breathnú ar an bplé is mó a bhíonn ag an Roinn le scoileanna. Tá líon na nGaelscoileanna agus na nGaelcholáistí ag méadú an t-am uilig. Ceapaim gur cheart don Roinn breathnú ar aonad a bhunú a dhéanfadh plé leo siúd go heisiach agus é a bhunú sna Forbacha i nGaillimh ar an láthair atá ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cheana féin. Is leis an OPW é ar aon chaoi. Dá mbeadh a leithéid ann, bheadh an tseirbhís ann láithreach bonn le cainteoirí dúchasacha Gaeilge sa gcuid is mó nó le daoine a bhfuil Gaeilge chomh maith acu gur ionann é agus an Ghaeilge atá ag cainteoir dúchasach.

Sháródh sin an fhadhb a dúirt na hionadaithe atá ann, is é sin go bhfuil faitíos ar dhaoine a rá go gcuirfidh siad seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge mar go gcuirfeadh isteach i mbosca iad mar "the person with the Irish". Má tá daoine mar sin ag obair in áit go bhfuil riar mhaith foirne ag obair trí Ghaeilge, bheadh an Ghaeilge an lingua francaagus ba é an duine nach mbeadh Gaeilge aige nó aici an eisceacht, fiú nach mbeidh a leithéid ceadaithe. Dá mba rud é go raibh an dá Roinn taobh le taobh, d'fhéadfadh daoine dul suas go barr an dréimire trasna ó Roinn go Roinn, anonn agus anall, agus taithí leathan a fháil. Is féidir é sin a dhéanamh taobh istigh den Státseirbhís ar aon chaoi. Bhí agus tá go leor samplaí de dhaoine a d'imigh ó Roinn go Roinn de réir agus a bhí siad ag dul in airde ar dhréimire na Státseirbhíse.

Mar sin, ba é an moladh a bheadh agam ná go mbreathnódh an Roinn ar an bplé is mó a bhíonn aici ó sheachtain go seachtain le Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí, agus le múinteoirí sna scoileanna sin freisin mar bíonn siadsan ag iarraidh plé leis an Roinn i nGaeilge. Má déantar suirbhe orthu siúd, gheofaí amach go bhfuil formhór acu ag plé leis an Roinn trí Bhéarla mar bhealach na héascaíochta. Dá mbunófaí aonad le freastal orthu siúd agus ar na riachtanais sin siar sna Forbacha, áit a bhfuil a macasamhail d'aonad ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta atá ag feidhmiú thar cionn agus a bhfuil duine ar leibhéal rúnaí cúnta ann mar stiúrthóir, bheifí ag teacht trasna ar go leor de na fadhbanna atá luaite ag na hionadaithe. Táim ag rá seo go dearfach. D'fhéadfaí é a dhéanamh. Ní raibh fadhb dá laghad ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ag an gCoimisinéir Teanga a thagann faoin Roinn seo ó thaobh chúrsaí foirne de, ná ag an údarás teacht ar dhaoine gur féidir leo oibriú go hiomlán is go huile trí Ghaeilge mar lingua franca. Fágfaidh mé mar sin. Is oth liom nach féidir liom fanacht don fhreagra. Ní fhanann Raidió na Gaeltachta do duine ná dia.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.