Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 9 April 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Oideachais agus Scileanna
Mr. Gavan O'Leary:
Chuir an Teachta ceist orm maidir le deis a bheith ag Gaelscoileanna a gcuid gnó a dhéanamh leis an rannóg tógála trí mheán na Gaeilge. Mar a luaigh an tUasal Gordon, uaireanta bíonn sé deacair dúinn ailtirí nó innealtóirí agus daoine mar sin a fháil a bhfuil sé ar a gcumas plé le scoileanna trí mheán na Gaeilge. Sin dúshlán dúinn. Cé go bhfuil deis ag scoileanna iarratais a chur isteach nó foirmeacha a líonadh isteach as Gaeilge agus cé go scríobhann an Roinn ar ais chucu as Gaeilge, mar a luaigh mé cheana, má tá siad ag iarraidh labhairt le hailtire atá ag déanamh oibre ar na foirngimh scoile atá acu, go minic ní bheadh Gaeilge líofa go leor ag an ailtire nó ag an innealtóir chun an rud go léir a fheidhmiú trí mheán na Gaeilge. Sin mar atá an scéal maidir leis an rannóg tógála. Mar a luaigh mé cheana, má chuireann duine glaoch gutháin ar an rannóg ag iarraidh labhairt le duine as Gaeilge, tá líne speisialta ann sa Roinn. Is féidir le duine sa rannóg glaoch a chur ar an líne sin agus beidh oifigeach ón Roinn in ann labhairt leis an nglaoiteoir as Gaeilge agus eolas a fháil agus a thabhairt ar ais dó nó di. Áfach, go minic ciallaíonn sé sin nach mbeidh an glaoiteoir ag labhairt leis an duine atá díreach freagrach as an bhfoirgneamh scoile faoi leith. Sin mar atá an scéal.
Maidir leis an scéim, mar a luaigh mé cheana, táimid ag déanamh dul chun cinn. Níl an obair ar an scéim nua déanta go fóill. Ní raibh mé sa phost seo nuair a bhíomar ag déanamh ár gcuid forbartha ar an scéim atá againn ó 2016 ach tá dul chun cinn á dhéanamh againn. Luaigh an Seanadóir Mullen cúrsaí ríomhaireachta. Tá dul chun cinn á dhéanamh ag na comhlachtaí a sholáthraíonn seirbhísí ríomhaireachta dúinn ar rudaí ar nós an síneadh fada a bheith ar ainmneacha daoine. Tá dul chun cinn á dhéanamh i leith rudaí mar sin. Táimid ag forbairt agus tá tógáil ar an scéim a bhí ann roimhe sin á dhéanamh againn ach, ag an am céanna, níl an scéim nua déanta againn go fóill. Táimid chun tosú ar an obair sin i mbliana. Beidh scéim nua againn roimh dheireadh na bliana.
No comments