Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 9 April 2019
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Oideachais agus Scileanna
Mr. Gavan O'Leary:
Gabhaim buíochas leis an Teachta agus leis an gCathaoirleach. Maidir leis na huimhreacha baill foirne agus an méid atá ar a gcumas, mar a dúirt mé i mo ráiteas oscailte, tá sé ar intinn againn suirbhé nua a dhéanamh mar imíonn daoine agus tagann daoine nua isteach go minic. Nuair a thagann daoine nua isteach sa Roinn, iarraimid orthu an bhfuil Gaeilge acu. Tá foirm agam, agus is féidir liom cóip a thabhairt don chléireach, chun a fháil amach an bhfuil Gaeilge acu, cén caighdeán atá acu agus an bhfuil siad sásta obair a dhéanamh nó plé le daoine trí mheán na Gaeilge. Leis an méid sin daoine tá sé deacair a bheith cinnte, mar bíonn daoine ag imeacht agus bíonn daoine amuigh ar career breaks agus gach rud mar sin, ach tá na figiúirí sin thart ar an méid céanna, agus níl líon rómhór tagtha ar chúrsaí ó 2017 go dtí an pointe seo. Déanann muid iarracht oiliúint a thabhairt dár mbaill foirne chun go mbeidís in ann obair a dhéanamh trí Ghaeilge agus go mbeadh feabhas á chur acu ar a gcuid Gaeilge, agus tá súil againn leis an suirbhé nua seo go mbeidh muid in ann a rá leis an gcomhchoiste go bhfuil méadú tagtha ar mhéid na daoine sa Roinn atá in ann obair a dhéanamh trí Ghaeilge.
Maidir leis an gceathrar a tháinig isteach againn ó Roinn eile, d'aistrigh duine amháin acu ó oifig eile sa Státseirbhís agus tá sé ag obair linne anois. Tá an triúr eile ar iasacht agus níl mé chun a thuilleadh a rá, mar ní bheadh mo chomhghleacaithe sna Ranna eile róshásta liom dá mbeadh a fhios acu go raibh plean agamsa a gcuid acmhainní a choimeád i mo Roinn. Bíonn cainteanna agus cruinnithe againn leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus i rith na gcruinnithe sin, léirítear gur gá dúinne baill foirne a fháil atá in ann labhairt as Gaeilge. Tá an t-éileamh sin curtha in iúl di, tá an t-eolas sin aici, agus ar a taobh deireann sí linn go ndéanann sí iarrachtaí daoine a earcú isteach sa Státseirbhís a bhfuil Gaeilge acu. Mar is eol do bhaill an chomhchoiste, tá sé de dhualgas orainne mar Roinn Stáit an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a úsáid maidir le cúrsaí earcaíochta. Sin mar a fhaighimid daoine nua isteach sa Roinn, tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Sin an córas trína dtagann siad isteach. D'fhiafraigh an Teachta orm maidir leis an rannóg tógala.
No comments