Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 April 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Oideachais agus Scileanna

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

An bhfuil an Roinn ag tógáil ar an scéim a bhí ann cheana féin? An bhfuil forbairt déanta, nó an bhfuil torthaí nó dul chun cinn le léiriú ó na scéimeanna deireanacha, cuir i gcás, ag dul ó scéim a dó go dtí scéim a trí? An bhféadfadh an tUasal O'Leary sampla a thabhairt dúinn de dhul chun cinn éigin a deineadh ag an am sin, agus spriocanna faoi leith a baineadh amach toisc na scéimeanna éagsúla?

Tá cúpla ábhar eile ansin chomh maith. Bím féin agus na Teachtaí eile ag plé le boird bhainistíochta go minic, le múinteoirí agus pobail scoile éagsúla, agus arís agus arís eile is iad na deacrachtaí céanna a thagann chun cinn. Bíonn deacrachtaí acu múinteoirí le caighdeán Gaeilge a fháil chun feidhmiú sna scoileanna agus bíonn an-bhrú ar scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna chun múinteoirí oiriúnacha a fháil. Tá liúntas ann atá ar fáil do roinnt de na múinteoirí, ach níl sé ar fáil do chuid eile den fhoireann, cé go bhféadfaí go bhfuil siad fiú ag múineadh an rang céanna. An bhfuil tuairim ag an Uasal O'Leary faoin liúntas sin, nó an nglacfadh sé leis go gcabhródh an liúntas chun breis múinteoirí a mhealladh?

Ceann de na deacrachtaí eile a léirítear go rialta ná go mbraitheann go leor de na scoileanna agus na múinteoirí nach bhfuil acmhainní ar nós téacsleabhar agus áiseanna eile éagsúla ar fáil dóibh. B'fhéidir nach bhfuil siad ar fáil ach i gcanúint amháin, nó go bhfuil moill ann, agus nach bhfuil siad ar fáil ag an am céanna leis an ábhar Béarla. Mar shampla, tá clár iontach ann, Gluais Maith Gluais Go Minic, agus an-chuid acmhainní ar fáil dó i mBéarla, ach fós braitheann na scoileanna nach bhfuil an t-ábhar ar fáil dóibh as Gaeilge. Sin corpoiliúint.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.