Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 April 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Oideachais agus Scileanna

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na hionadaithe ón Roinn. Gabhaim buíochas leo as an gcur i láthair. Tá scata ceisteanna agam. B'fhéidir go leanfaidh mé leis an gceist a bhí ag an gCathaoirleach maidir leis an líon daoine sa Roinn atá sásta a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn. Tá figiúirí luaite ag an Uasal O'Leary de thart ar 27 síceolaí agus 27 ball foirne riaracháin. Is iadsan na figiúirí céanna a bhí sa cheistneoir, figiúirí a tháinig ó suirbhé a rinneadh in 2017. An bhfuil aon ardú tagtha ar líon na Gaeilgeoirí nó ar líon lucht an Bhéarla ó shin? Luaigh an tUasal O'Leary go bhfuil 1,264 ball foirne a bhfuil Gaeilge acu ag an Roinn faoi láthair. An bhfuil sé sin ardaithe ó 2017? Táim ag iarraidh a fháil amach an bhfuil an bearna ag laghdú nó ag fás ó 2017 nuair a deineadh an suirbhé deireanach sin.

Tuigim go raibh deacracht ag an Roinn roinnt daoine breise a fháil, gur dhein sí teagmhail le Ranna eile, agus go bhfuil daoine aistrithe isteach go sealadach. An bhfuil na daoine sin san áireamh sna figiúirí nó an bhfuil siad sa bhreis orthu? An bhfuil sé i gceist ag an Roinn iad a choimeád? An féidir leis an Roinn iad a choimeád? Cad iad na hiarrachtaí atá déanta idir an dá linn chun daoine buana a fháil agus chun buanú a dhéanamh ar na daoine sin chun chur le rudaí? Más rud é gur daoine sealadacha iadsan agus go mbeidh siad imithe arís, beidh an Roinn fágtha le folúntais arís. Cad iad na hiarrachtaí atá déanta ag an Roinn chun daoine a chuardach?

Déanfaidh mé tagairt don rannóg tógála. Go minic bíonn scoileanna, education and training boards, ETBs, agus a leithéid i dteagmháil leis an rannóg. An bhfuil siad san áireamh sna figiúirí sin? An bhfuil deis ag scoileanna Gaeltachta nó Gaelscoileanna a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn leis an rannóg tógála?

Beidh sé soiléir ón uimhir rolla gur scoil Gaeilge nó Gaeltachta a bheidh ann fan an ama. Cad a tharlaíonn ansin? An mbíonn an teagmháil go léir leo as Gaeilge nó as Béarla, nó cad é an scéal? Cad iad na hiarrachtaí a dhéanann an Roinn chun a cinntiú go mbíonn seirbhís as Gaeilge ar fáil ansin? Tá sibh ag díriú isteach ar an scéal Gaeilge is déanaí agus tá suim agam sa cheist a bhí ag an Seanadóir níos luaithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.