Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 April 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Oideachais agus Scileanna

Mr. Gavan O'Leary:

Ar dtús, maidir leis an scéim Gaeilge, táimid chun obair ar an gceathrú ceann a thosnú. Caithfidh mé a adhmháil go bhfuil contanam i gceist. Ní rud go hiomlán nua a bheidh sa scéim nua. Ag an am céanna, tógaimid isteach an taithí a bhí againn leis na scéimeanna roimhe. Thug daoine áirithe a gcuid tuairimí ar an méid a bhí sna scéimeanna agus conas mar a cuireadh i bhfeidhm é. Bímid i dteagmháil le hOifig an Choimisinéara Teanga freisin. Tógaimid a chuid comhairle ar bord agus muidne ag déanamh ár gcuid oibre ar an scéim nua. Ní bheidh mé in ann a rá go mbeidh sé go hiomlán nua nó go hiomlán difriúil ach, ag an am céanna, táimid ag súil go ndéanfaimis dul chun cinn sa scéim nua. Táimid ag obair ar an dréacht faoi láthair.

Ó thaobh na ceiste maidir leis an Roinn a bheith mar acmhainn don Státseirbhís iomlán - má thuigim an cheist i gceart - níl dualgas dleathach orainn a bheith mar acmhainn don Státseirbhís. Bímid ag obair lenár gcomhghleacaithe sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tá dualgais faoi leith ag an Roinn sin maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Ag an am céanna, admhaímid go bhfuil sé san Acht Oideachais 1998 go bhfuil dualgais faoi leith againn maidir leis an gcóras oideachais agus scileanna ach baineann na dualgais sin go mórmhór leis an gcóras oideachais. Tá sé de chuspóir ag an Acht sin cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga i bpobail i limistéir Gaeltachta agus riachtanais teanga agus cultúrtha mac léinn a chur chun cinn, ag féachaint do roghanna na dtuismitheoirí.

Níl ról foirmeálta againn maidir leis an Státseirbhís iomlan. Is ar OneLearning, an tseirbhís roinnte nua um chúrsaí traenála agus oiliúna do státsheirbhísigh, atá an dualgas cúrsaí agus tacaíocht a chur ar fáil do státseirbhísigh atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. É sin ráite, tá a fhios agam go dtugann mo chomhghleacaithe sa chigireacht ach go háirithe cabhair do chomhghleacaithe i Ranna Stáit eile, ach níl ról foirmeálta againn. Níl aon rud scríofa síos in Acht nó rud mar sin. Cuirimid béim ar an gcóras oideachais agus oiliúna maidir lenár ról dleathach.

Ba í an tríú ceist a bhí ag an Seanadóir ná an bhfuil oifigigh in ann labhairt i nGaeilge le daoine a chuireann glaoch ar an Roinn agus a bhíonn ag iarraidh a gcuid ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Seolaimid ríomhphoist timpeall na Roinne chun a rá le daoine go bhfuil seirbhís ann trínar féidir le muintir an phobail a gcuid gnó a dhéanamh as Gaeilge linn agus go bhfuil oifigigh agus línte áirithe sa Roinn atá dírithe air sin. Tá líne ag na daoine a fheidhmíonn an switch don Roinn ach nílim go hiomlán cinnte go bhfuil gach aon oifigeach sa Roinn in ann an líne sin a thabhairt as Gaeilge, cé go gcuirimid eolas timpeall na Roinne go bhfuil an tseirbhís sin ar fáil do dhaoine. Is ceist muiníne í. Níl an féinmhuinín ag daoine áirithe an líne a úsáid agus an méid sin a rá le duine as Gaeilge.

Ó thaobh an chéatadáin d'fhoireann na Roinne a bhfuil Gaeilge acu, deireann thart ar 50% den chigireacht linn go bhfuil siad sásta a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Mar a dúirt mé i mo ráiteas oscailte, is iarmhúinteoirí an chuid is mó de na chigirí, go háirithe na cigirí bunscoile, so tá caighdeán de shaghas éigin acu. Cé go bhfuil Gaeilge acu, tá cuid acu ann nach mbeadh sásta tuairisc a scríobh trí mheán na Gaeilge. Ar a laghad, tá Gaeilge ag 50% den chigireacht. Tá Gaeilge ag thart ar 37% d'fhoireann an PDST.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.