Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 April 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Oideachais agus Scileanna

Mr. Gavan O'Leary:

Mar a dúirt an Cathaoirleach, is rúnaí cúnta sa Roinn Oideachais agus Scileanna mise le freagracht as seirbhísí corparáideacha. In éineacht liom inniu tá David Gordon, an príomhoifigeach a bhaineann le hacmhainní daonna; Christine Tiernan, príomhoifigeach; Siobhán Cullen, príomhoifigeach cúnta; Aoife Mitchell, oifigeach riaracháin i rannóg na seirbhísí corparáideacha; agus Dr. Treasa Kirk, príomhchigire cúnta agus ceannasaí ar an aonad um oideachas Gaeltachta.

Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as cuireadh a thabhairt don Roinn labhairt leis faoi na cuspóirí agus na bearta atá á gcur i bhfeidhm ag an Roinn chun seirbhísí a sholáthar as Gaeilge agus go dátheangach. Beidh an comhchoiste ar an eolas faoi obair na Roinne agus faoin tábhacht a bhaineann le hearnáil an oideachais agus na hoiliúna sa tír agus beidh an ceistneoir a chuireamar faoi bhráid an choiste roimh ré feicthe ag na baill. Le déanaí, d’fhoilsigh an Roinn a ráiteas straitéise trí bliana agus plean gníomhaíochta do 2019 a thugann cur síos ar na bearta atá le déanamh i rith na bliana 2019 chun ár gcuid oibre a chur chun cinn. Sa ráiteas straitéise - a dtugtar Cumasú air - leagtar amach ár bhfís don chóras oideachais agus oiliúna atá forchéimnitheach agus cothrom agus a bhfuil sé de chumas aige saolta a athrú chun feabhais.

Agus a straitéisí á gcur i bhfeidhm, tá an Roinn tiomanta do sheirbhís a sholáthar don phobal sa dá theanga oifigiúla agus tá raon de bhearta ar bun, lena n-áirítear polasaithe oideachais, polasaithe earcaíochta agus deiseanna oiliúna chun cuidiú le seirbhísí leanúnacha trí Ghaeilge a sholáthar don phobal. Cuirtear seirbhísí riaracháin trí Ghaeilge ar fáil i gcomhréir leis na forálacha sa reachtaíocht ábhartha lena n-áirítear Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus an tAcht Oideachais 1998, agus na tiomantais i scéim Gaeilge reatha na Roinne, a cuireadh ar bun i mí Dheireadh Fómhair 2016. Is iad na hearnálacha bunscoile agus iarbhunscoile an bonn custaiméirí is mó atá ag an Roinn do sheirbhísí i nGaeilge, go háirithe na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ina ndéantar an teagasc trí mheán na Gaeilge.

Maidir le cúrsaí earcaíochta agus ár bhfoireann riaracháin, tríd an bpróiseas pleanála foirne, nó ar iarratas ó aonaid ghnó, aithníonn rannóga acmhainní daonna na Roinne réimsí ina bhfuil gá le foireann a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu. Mar a bheidh ar eolas ag an gcomhchoiste, aithníonn an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí iarrthóirí le scileanna Gaeilge. Sa bhliain 2017, earcaíodh oifigeach riaracháin ó shruth Gaeilge na seirbhíse sin chun obair a dhéanamh laistigh de na seirbhísí corparáideacha. Ina theannta sin, rinne an Roinn socrú chun baill foirne le líofacht sa Ghaeilge a ghlacadh ar iasacht nó a aistriú ó Ranna eile chun folúntais a líonadh ag leibhéil eile. Líonadh ceithre phost ar an dóigh seo agus ceapadh na baill foirne chuig an aonad um oideachas Gaeltachta agus oifig an Aire. Mar thoradh ar ráta athraithe suntasach agus rialta foirne mar gheall ar shoghluaisteacht, arduithe céime agus araile, admhaíonn an Roinn, amhail Ranna Rialtais eile, nach féidir i gcónaí baill foirne le líofacht sa Ghaeilge a choimeád. Tá sé ar intinn ag an Roinn suirbhé scileanna nua a dhéanamh i gcomhthéacs na chéad scéime Gaeilge eile de chuid na Roinne i rith 2019 chun ár n-eolas a nuashonrú maidir le líon na mball foirne a chuireann seirbhís ar fáil nó atá sásta seirbhísí a sholáthar as Gaeilge.

Maidir leis an gcigireacht, cáilíocht riachtanach do na cigirí bunscoile go léir is ea go bhfuil sé de chumas acu cumarsáid éifeachtach a dhéanamh as Gaeilge agus cumas teangeolaíochta a dhóthain acu chun meastóireachtaí a dhéanamh i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. Le bheith incháilithe ar an gcigireacht, ní mór d’iarrthóirí an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a shásamh go bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu. Cé nach bhfuil an cumas le cigireachtaí a dhéanamh as Gaeilge ina riachtanas do phost mar chigire iarbhunscoile ach amháin do chigire iarbhunscoile Gaeilge is eol don chigireacht go bhfuil gá le líon imleor de chigirí iarbhunscoile a bheith ann a bhfuil an inniúlacht imleor acu le cigireachtaí a dhéanamh in iarbhunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus bíonn marcanna breise ar fáil d’iarrthóirí atá ábalta ardleibhéal inniúlachta sa Ghaeilge a léiriú.

Maidir lénár síceolaithe, tugtar sonraí maidir leis an líon cigirí agus síceolaithe a sholáthraíonn seirbhís trí Ghaeilge faoi láthair sa cheistneoir a ghabhann leis an ráiteas seo. Fuair tromlach na síceolaithe sa tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais, SNSO nó NEPS as Béarla, cáilíocht ar dtús mar bhunmhúinteoirí agus tá inniúlacht sa Ghaeilge acu.

Ó thaobh oiliúna de, d’fhonn soláthar seirbhíse trí Ghaeilge a chur chun cinn, cuirtear baill foirne, lena n-áirítear baill foirne nuacheaptha, ar an eolas go hiomlán faoina gceanglais Gaeilge faoi reachtaíocht ábhartha, na tiomantais sa scéim Gaeilge, na córais atá ar bun chun cuidiú le comhlíonadh ceanglas agus na deiseanna oiliúna atá ar fáil chun feabhas a chur ar inniúlacht sa Ghaeilge. Áirítear leo seo scéim um aisíoc táillí na Roinne agus cúrsaí á gcur ar fáil ag soláthraithe trí OneLearning, an tseirbhís roinnte a bhaineann leis an Státseirbhís ina hiomlán, nó Gaelchultúr. Ó 2017 go 2019, thug thart ar 60 baill foirne riaracháin faoi staidéar ar an nGaeilge. Tá baitsiléir ealaíon, dioplóma agus cúrsaí ar leibhéil éagsúla ar fáil ó Ghaelchultúr.

Maidir leis an gcigireacht, ó 2017 i leith cuirtear clár foghlama cumaisc sa Ghaeilge ar fáil do na cigirí bunscoile go léir agus cigirí iarbhunscoile agus luathbhlianta a bhfuil spéis acu ann. Bhí an bhéim sa chlár foghlama cumaisc in 2017-2018 ar an nGaeilge labhartha. D’fhreastal cigirí ar thrí seisiún lae chun feabhas a chur ar chruinneas labhartha i rith an ama seo. In 2019, tá clár foghlama cumaisc á chur i bhfeidhm maidir le tuairiscí cigireachta a scríobh trí mheán na Gaeilge. Ní mór do na cigirí bunscoile go léir freastal air. Tá an chéad cheann de na seisiúin seo ann i mí Aibreáin.

Táthar ag súil go ndéanfaidh na cigirí bunscoile nua go léir agus na cigirí iarbhunscoile Gaeilge láithreach na cigireachtaí sna scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus sna scoileanna Gaeltachta a choimeád agus a mhéadú ar roinnt bealaí lena n-áirítear páirt a ghlacadh sa soláthar reatha de chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht.

Cuireann an SNSO oiliúint ar fáil lena chinntiú gur féidir seirbhís síceolaíochta oideachais a sholáthar trí Ghaeilge nuair is gá. Cuirtear clár Gaeilge ceithre lá ar fáil do shíceolaithe, le cúnamh ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG. Sa chlár, ar a bhfreastalaíonn idir 15 agus 20 de bhaill foirne SNSO in aghaidh na bliana, tá comhpháirt teanga ginearálta agus comhpháirt teanga teicniúla atá in oiriúint do riachtanais sheirbhís síceolaíochta oideachais.

Maidir le scéim Gaeilge na Roinne, thosaigh an Roinn a tríú scéim teanga faoin Acht i mí Dheireadh Fómhair 2016. Sa tríú scéim teanga déantar forbairt agus daingniú ar na tiomantais a rinneadh sna scéimeanna roimhe agus tá tiomantais inti amhail na nithe seo a leanas: freagróimid as Gaeilge do chomhfhreagas as Gaeilge; freagróimid as Gaeilge do ghlaoiteoirí atá ag iarraidh labhairt as Gaeilge, más féidir, nó déanfaimid tairiscint glaoch a chur ar ais laistigh de lá oibre amháin ag ball foirne atá ábalta plé le fiosruithe as Gaeilge; foilseoimid foilseacháin chorparáideacha, tuairiscí cigireachta do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge, idir bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna, agus preasráitis a fhógraíonn scéimeanna nua nó athruithe polasaí as Gaeilge agus as Béarla; foilsítear eolas statach ar shuíomh gréasáin na Roinne as Gaeilge agus as Béarla; déanfaimid deimhin de, más mian le daoine a ngnó a dhéanamh as Gaeilge, gur féidir leo é sin a dhéanamh; cinnteofar go gcuirfear seirbhísí ar fáil i gcomhréir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus ár scéimeanna Gaeilge; oibreofar an líne Ghaelach; agus tabharfar eolas don fhoireann maidir le riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus maidir lena bhfreagrachtaí faoi scéim Ghaeilge na Roinne. Sholáthraigh an Roinn a seirbhís aistriúcháin féin don Ghaeilge chun tacú le cur i bhfeidhm na dtiomantas seo.

Tacaíonn an scéim le prionsabail na seirbhíse den scoth do chustaiméirí agus lenár gcairt do chustaiméirí. Tá sí ceaptha lena chinntiú go dtabharfar aghaidh iomlán ar na ceanglais ábhartha go léir atá ar an Roinn Oideachais agus Scileanna ar bhonn céimneach, tríd an scéim seo agus scéimeanna amach anseo. Forbraíodh í laistigh de chomhthéacs polasaí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Cuirtear san áireamh inti an sainordú ar leith atá ag an Roinn maidir le tacú le leathnú agus fás ar úsáid na Gaeilge sa chóras oideachais. Beidh scéim nua á forbairt ag an Roinn níos déanaí i mbliana. San obair seo, cuirfimid san áireamh an taithí a bhí againn go dtí seo, tuairimí an chomhchoiste seo agus tuairimí páirtithe leasmhara eile. Táimid ar an eolas freisin faoi obair an Oireachtais ar reachtaíocht nua sa réimse seo agus beidh aird againn uirthi seo inár n-obair amach anseo.

Gabhaim buíochas arís as an deis an comhrá seo a bheith againn inniu. Beidh áthas orm féin agus mo chomhghleacaithe aon cheist a fhreagairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.