Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 April 2019

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta: Cathaoirleach Ainmnithe

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Sin an e-Hub atá díreach luaite agam nó an scéim ríomh-mhol. Is scéim an-suimiúil atá ansin. Thosaigh sé i mbliana leis an idirbhliain agus thosaigh siad ar fisic a theagasc do lucht na hidirbhliana. I Meán Fómhair seo chugainn, beidh daltaí ó scoileanna timpeall na nGaeltachtaí uile ag baint buntáiste as múinteoirí oilte fisice i bPobalscoil Chorca Dhuibhne agus i gColáiste na Coiribe i nGaillimh. Beidh na múinteoirí seo, le taithí agus le saineolas, ar fáil do dhaltaí óga i scoileanna Gaeltachta eile tríd an gcóras teicneolaíochta atá forbartha ag an scéim ríomh-mhol. Tá sé an-tábhachtach gur thosaigh siad le hábhair eolaíochta mar tugann sé sin stádas dó. Chonaiceamar le déanaí duine de na mic léinn ag fágáil na hÉireann, ag dul isteach go hÁrann Mhór i nDún na nGall, ag dul ag foghlaim fisic ar scáileán ríomhaireachta, agus múinteoirí as Corca Dhuibhne agus as Gaillimh ag plé leo. Táimid ag baint úsáid as na saineolaithe is fearr atá sa chóras, ní hamháin lena rang féin i dteagasc istigh sa rang fíorúil, ach go bhfuil nasc acu le scoileanna eile agus le mic léinn eile atá ag foghlaim ar an ríomhaire ag an am céanna. Is buntáiste é atá ann do gach duine. Beidh sé ar ár gcumas é sin a fhorbairt agus beidh rogha níos leithne ábhair ansin ar fáil do dhaltaí, fiú sna scoileanna beaga ar na hoileáin agus sna scoileanna beaga Gaeltachta. Is dul chun cinn an-mhaith é sin agus tá an dream atá ag plé le e-Hub le moladh go hard.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.